13 Meán Fómhair 2012

cait & litríocht


Bhain John úsáid as Henri le Chat le mé a mhealladh ar ais chuig an mblagaisféar lá nó dhó ó shin. Ós é seo mo chéad bhlagmhír ó fhill mé (san Eilbhéis agus sa Fhrainc a bhí mé), seo cat eile daoibh, ar phostaer a chonaic mé in Luzern.

Cliceáil le méadú.

Man kann im Leben
auf vieles verzichten,
aber nicht auf Katzen
und Literatur!

Is féidir teacht gan a lán rudaí sa saol seo, ach ní gan chait gan litríocht!

Le fírinne, bhí mé maith go leor gan cheachtar acu ar feadh trí seachtaine, ach tá áthas orm go raibh Mike is Molly agus mo chuid leabhar ag fanacht liom anseo ar theacht abhaile dom!

10 comments:

  1. "déanamh gan" nó "tabhairt suas" nó "éirí as" a bheadh agam; gníomh is ea Verzicht.

    Táimse beag beann ar chait ach spléach ar litríocht.

    ReplyDelete
  2. @Séamas

    Tá siad dyslexic, ach is breá leo closleabhair!

    ReplyDelete
  3. An seanfhocal é sin, a Dennis/Aonghuis?! Chuirfinn féin Guinness leis an liosta sin...

    ReplyDelete
  4. Beamish ina ionad, más gá? Bheadh a liosta féin ag chuile dhuine, gan dabht! Is féidir go mbeadh seacláid ar a lán díobh.

    ReplyDelete
  5. Ceapaim gur fusa leabhair a léamh ná cait.

    ReplyDelete
  6. @ ormondo

    Cuireann sé sin nath ó Groucho Marx i gcuimhne dom:

    Lasmuigh de mhadra, is é an cara is fearr ag duine ná leabhar. Laistigh de mhadra tá sé ró-dhorcha le léamh.

    ReplyDelete
  7. @ Ceapaim gur fusa leabhair a léamh ná cait.

    ASG, a Ormondo! Agus, an ceart agat..:-)

    @ Laistigh de mhadra tá sé ró-dhorcha le léamh.

    Iontach! Agus, gáire eile uaim..:-)

    ReplyDelete