15 Meán Fómhair 2012

samhail



Chomh gioblach le préachán i Meán Fómhair.

Bíonn cuma thar a bheith neamhshlachtmhar ar na préacháin sna bólaí ag an am seo bliana i gcónaí. Tosaíonn siad ag foladh i Mí Iúil agus is iontach chomh giobach / gioblach a bhíonn siad faoin am seo. Beidh siad go breá snasta slíoctha arís sula i bhfad, ar ndóigh, ach anois.... Chum mé an tsamhail thuas ina n-onóir, na créatúir.

3 comments:

  1. Go deas..:-)

    Roinnt samhlacha eile, a bhaineann le héin, as FGB:

    chomh dubh leis an bhfiach
    chomh haerach le druid
    chomh héadrom le gealbhan
    chomh lag le héan i mbarrach
    chomh leitheadach leis na cuacha
    chomh liath leis an iolar

    ReplyDelete
  2. Go raibh maith agat, a Áine. Ach... tá na hiolair dubh is bán anseo.
    ;-)

    ReplyDelete
  3. Ana dheas.

    Mheabhraigh sé an nath seo ó do bhailiúcháin dom: Ard bot fiaich ocainn, íseal bot con.

    ReplyDelete