07 Eanáir 2012

Is breá liom búz!


бууз

Mí ó shin fuair mé bialann bheag in Lake City, bruachbhaile de chuid Sheattle. Joy Teriyaki an t-ainm atá air. Ach ós Mongólach an t-úinéir, tá biachlár Mongólach acu chomh maith leis an teriyaki. Is léir ón mbiachlár sin go n-itheann na Mongólaigh a lán mairtfheola! An mias is ansa liom acu ná búz, saghas domplagán galaithe atá líonta le feoil mhinithe in éindí le beagáinín oinniúin is cabáiste. Itear iad le hanlann tanaí déanta as anlann soighe, fínéagr ríse, agus piobar dearg.

Ar an dea-uair domsa, is féidir liom iad a cheannach uathu i bhfoirm reoite ar phraghs an-réasúnta. Isteach sa chiseán galaithe (ceann déanta as bambú agam) leo agus fiche nóiméad níos déanaí tá siad réidh le hithe, te agus blasta! Is nós liom anois iad a úsáid mar chúrsa tosaigh nuair a bhíonn cairde chun dinnéir againn. Is breá leo iad!

Dála an scéil, má tá cur amach agat ar bhia Tibéadach, is ionann búz agus mómó.

5 comments:

  1. Hmmm... cuireann a bhfuil le feiceáil sa ghrianghraf uisce le mo fhiacla.

    ReplyDelete
  2. Is dóigh liom go dtaitneodh sé seo go mór le daoine i dtuaisceart na hEorpa, na Gearmánaigh ach go háirithe. Níl mé cinnte faoi na hIodálaigh is na Spáinnigh, gan trácht ar na Gréagaigh. Ach is féidir go gcuirfeadh na Gearmánaigh mustard orthu!

    ReplyDelete
  3. Domplagáin...cuma bhlasta alright...bhuail mé isteach i mbialann de chuid na Coiré anseo i mBaile Atha Cliath don chéad uair riamh cúpla mí ó shin. Rinne siad meancóg is thug siad mias eile dom seachas an ceann a d'ordaigh me...níor thug mé faoi deara ar ndóigh...tháinig siad chugam lán leithscéal ach bhí leath an pláta ite agam faoin am sin cibé ar bith!

    ReplyDelete
  4. Tá cuma fhíorbhlasta air ach seo an cheist nach maith le duine ar bith, an raibh rogha ann sa bhialann d'fheoilséantóirí?

    ReplyDelete
  5. Ní raibh. Itheann na Mongólaigh a lán feola (agus bainne, im, etc.) toisc nach bhfuil mórán eile ar fáil sa tír sin. Tréadachas a bhí ar siúl riamh ag na daoine uilig i gceartlár na hEoráise. Ní itheann siad a lán glasraí toisc nach bhfásann siad go héasca ansin. Anseo in Seattle, áfach, tá bialann Thibéadach againn i lár na cathrach a bhfuil cúpla saghas mómó acu: traidisiúnta (.i. líonta le feoil) agus neamhthraidisiúnta (líonta le sicín, nó le tofú, muisiriúin, etc.). Bheifeá ceart go leor ansin!

    ReplyDelete