20 Eanáir 2012

An Hobad!




Scríobh mé faoin scannán nua ar an mallaibh, agus faoin aistriúchán Gaeilge den leabhar. Fuair mé dea-scéal tráthnóna inniu ón bhfoilsitheoir:

Dea-scéala! Foilseofar aistriúchán Gaeilge Nicholas Williams den leabhar "An Hobad" ar deireadh thiar ar an 25 Márta 2012. Beidh clúdach crua air, arna chló maille le léaráidí daite agus léarscáileanna. Más mian leat réamhordú a chur isteach, cuirtear ríomhphost chugam agus beidh mé i dteagmháil leat maidir leis na sonraí cuí.

5 comments:

  1. Fuair mé féin an scéal céanna. Súil agam go dtiocfaidh tuar faoin dtairngire an uair seo!

    ReplyDelete
  2. Dea-scéal go deimhin... cuireann sin i gcuimhne dom nach bhfuil "Harry Potter agus an órchloch" críochnaithe agam fós.

    Dála an scéil tá agallamh le Nicholas Williams ar shuíomh http://www.clubleabhar.com/Eolas.aspx?kd=Interviews&Lang=ga

    ...ach ní faoin togra seo.

    ReplyDelete
  3. Más mian libh an leabhar seo a ordú, ba cheart daoibh dul i dteagmháil leis an bhfoilsitheoir:

    Michael Everson * everson@evertype.com * http://www.evertype.com
    Cnoc Sceichín * Leac an Anfa * Cathair na Mart * Maigh Eo * Éire

    ReplyDelete
  4. Iontach. Caithfidh mé ceann a fháil. Bhíos, cosúil leatsa, ag iarraidh an leabhar a léamh (arís) roimh an scannán, mar tá an scéal beagnach ar fad caillte agam. Ach bheadh sé i bhfad níos fearr é a léamh as Gaeilge, cé gur streachail mé go minic le Harry Potter agus an Órchloch, caithim a admháil.

    ReplyDelete
  5. Nach b'fhearr daoibh é a léamh i mBéarla? Tá an buntheanga agaibh!

    ReplyDelete