09 Eanáir 2012

focal nua a d'fhoghlaim mé


Cad is ciall le hasbarist? Léigh mé an focal seo den chéad uair riamh an lá cheana, i gcéad abairt an ailt seo. Fuair mé míniú air anseo ó Wiki, faoin teideal Public Diplomacy (Israel). Séard atá ann ná an focal Eabhraise hasbara móide an iarmhír Bhéarla -ist.


Maidir leis an bhfocal hasbara, is cosúil gur ainmfhocal atá ann a chiallaíonn “míniú”. Dúirt an taidhleoir Iosraelach Gideon Meir nach bhfuil focal ar chomhbhrí leis i dteanga ar bith eile. Is eisean a d'aistrigh é mar “public diplomacy”. Tá daoine eile ann a chuirfeadh bolscaireacht air, nó “propaganda”, nó “spin”. Is dócha gur cuid den hasbara féin gan é aistriú mar sin.

3 comments:

  1. Ciallaíonn hasbara sa Bhéarla, mar a thuigim féin é i nuachtáin, ná daoine a thugann míniú do chéard atá déanta ag arm na tíre.

    ReplyDelete
  2. Dianchruthú seachas díonchruthú, b'fhéidir? ;-)

    ReplyDelete