23 Eanáir 2012

dhá leagan den amhrán céanna


Seo agaibh íomhá den chéad leagan: traidisiúnta, preabach, páistiúil:


Seo agaibh íomhá den amhrán céanna ó amhránaí caolchúiseach agus a chuid ceoltóirí, daoine atá in ann anam is áille a aimsiú sa tsimplíocht:


An t-amhrán atá i gceist agam ná “Tá Dhá Ghabhairín Buí Agam”. Is féidir éisteacht le sampla den leagan páistiúil anseo. Agus is féidir éisteacht leis an éacht a rinne Iarla Ó Lionáird anseo.

4 comments:

  1. N'fheadar an bhfuil cothrom na féinne á thabhairt agat do Pádraigín. Is chun foghlaim na n-amhráin ar scoileanna/ag páistí atá an leagan úd ar a Stór 's Stóirín ann. Mar sin, is mithid dó bheith páistiúil chun an sprioc a bhaint amach.

    Ach is ealaín leagan Iarla cinnte.

    ReplyDelete
  2. Tuigim. Agus is breá liom a cuid amhránaíochta do dhaoine fásta.

    ReplyDelete
  3. Déanadh leagan den amhrán sin ar Anam an Amhráin anuraidh, clár a chuir beochantóireacht le hamhráin coitianta na Gaeilge. Do chan Neil Ní Chróinín, bean óg as Béal Átha an Gaorthaidh, an t-amhrán, agus dá gcloisfeá í... bhí sí just go hálainn. Faraor, níl cóip le fáil ar YouTube, ach tá físeán don chailín úd ag canadh An Lacha Bacach anseo: http://www.youtube.com/watch?v=WBmWqxUF7LI

    DAS bhí Iarla ina láithreoir ar an gclár sin, Anam an Amhráin.

    ReplyDelete
  4. Bhí anam an amhráin ar fheabhas

    ReplyDelete