14 Eanáir 2012

ceannlíne nár thuig mé


Uaireanta bíonn fadhb agam le ceannlínte sna nuachtáin Bhéarla, an Guardian go háirithe. Go dtí go léim an scéal, ní bhíonn a fhios agam céard is brí leis an ceannlíne.

Tar éis dom “Tá cealú toilteanach an díchreidimh faoi bhagairt mhór” a léamh ar an Irish Times cúpla lá ó shin, bhuel, léigh mé arís é. Rinne mé mo mhachnacmh air. Mearbhall fós orm. Níor thuig mé é go dtí gur léigh mé an abairt seo san alt (le Mícheál Ó Ruairc, dála an scéil):

Táim ag tagairt don fheiniméan ar a nglaotar “willing suspension of disbelief”.

Ahá! Ach déanta na fírinne, níl a fhios agam fós an mbeadh de mhisneach ionam “cealú toilteanach an díchreidimh” a chur in abairt gan leid a thabhairt don léitheoir roimh ré.

2 comments:

  1. Bhí mise sa bhád céanna leat. Ach ní thig liom smaoineamh ar leagan níos nádúrtha don gcoincheap ach oiread.

    ReplyDelete
  2. Is maith an téarma é, cé nár thuig mé i dtosach é. Sin fadhb a bhíonn ag mionteangacha go minic.

    ReplyDelete