21 Eanáir 2012

arán aonmhéire


Is maith liom arán atá simplí agus beagán garbh. Déanaim an bollóigín seo, saghas arán leathan, go minic ag am tae. Ní thógann sé orm ach dhá nóiméad dhéag.

Cuirim cáiscín, púdar bácála, salann, beagán uachtair, agus síolta chia i mbabhla. Is maith liom blas na síolta agus maítear go bhfuil siad thar a bheith sláintiúil.


Cuirim uisce ann agus meascaim na comhábhair le mo chorrmhéar go dtí go mbíonn taos agam.


Fliuchaim mo lámha agus déanaim cáca garbh as.


Isteach sa phota leis, agus cuirim an clár air. Bhí an pota ar an tine roimh ré agus tá sé measartha te anois. Ligim don taos bácáil go ceann cúig nóiméad, iompaím é, agus ligim dó fanacht ar an tine cúig nóiméad eile.


Et voilà! Arán blasta atá donn ar an dá thaobh agus bog sa lár, déanta i níos lú ná cúig nóiméad déag!

5 comments:

  1. caithfish mé triail a bhaint as. Bíonn mo chuid aráin iarthar-eorpach chomh crua sin is go bhféadfá fuinneoga a bhriseadh leis. Seans go n-oireann an ceann seo níos fearr do m'ainscileanna cócaireachta.

    ReplyDelete
  2. Tá an dóigh chócaireachta seo an-chosúil leis an mbácáil a dhéantaí sa bastable oven (nó an dutch oven mar a thugann muid air anseo) fadó. Oibríonn an teas tirim ag tóin an phota in éindí leis an ngal a choinnítear ann leis an an gclár.

    ReplyDelete
  3. Bainfidh mise triail as chomh maith más féidir liom teacht ar na síolta andúchasacha siúd.

    Mar sin, chia agus buíochas!

    ReplyDelete
  4. Dála an scéil, is féidir leite fhuar a úsáid i leaba an uisce. Cuir níos lú salainn ann ansin.

    ReplyDelete