11 Aibreán 2011

Sequoiadendron giganteum


Cheannaigh mé mar seo é timpeall 6 bliana ó shin.


D'fhás sé i bpota ar an deic. In dhá phota, leis an bhfírinne a rá: bhí orm é a aistriú isteach i bpota níos mó tar éis cúpla bliain. Bhí sé sona sásta ansin, de réir dealraimh.


Ach anois tá a fhréamhacha sa talamh faoi dheireadh. Bhí an pota tar éis éirí ró-chúng dó. Trí lá ó shin a fuair mé áit bhreá nua dó taobh thiar den teach.

Sa chéad bhlagmhír eile, feicfidh sibh cúpla grianghraf dá “dheartháir mór”, Sequoiadendron giganteum atá ag fás le níl-a-fhios-agam-cé-chomh-fada taobh thiar de theach eile sa chomharsanacht.

3 comments:

  1. Tá ceann deas agat ansin -- is crann sár-álainn í!

    Chuir mé an Mhórghiúis sa chlós 10 mbliana ó shin nuair a bhí sí in aice le mo choim. Anois tá sí 3 mhéadar ar airde! Ar an ndrochuair níl sí go hálainn fós -- bhí stoirm oighir againn i 2008, agus thit crann eile taobh leis an Mórghiúis. Chaill sí géaga ar thaobh amháin, agus anois níl an shiméadracht aici. :-(

    ReplyDelete
  2. Go raibh maith agat, agus GRMA as an bhfocal “mórghiúis” nach raibh agam roimhe seo! Chuaigh mé go focail.ie le bheith cinnte gur thuig mé i gceart é agus fuair mé an t-ainm iomlán. Is iontach chomh Gaelach agus atá sé mar ainm ar chrann nár fhás riamh in Éirinn (go dtí le déanaí, is dócha): mórghiúis dhúdach. Ní raibh an focal “dúdach” agam ach oiread.

    ReplyDelete
  3. Go maire do chrann na cianta...:-)

    ReplyDelete