20 Aibreán 2011

Odhrán Naofa agus Walt Whitman


Séipéal Odhráin ar Í

Deirtear go ndeachaigh Odhrán go hÍ in éineacht le Colm Cille. Thug Colm Cille iarracht ar shéipéal a thógáil ach scriosadh gach oíche é. Dúirt glór aníos as an talamh leis nach n-éireodh leo go dtí go mbeadh duine beo curtha faoin mbunsraith. I bhfocail eile, bhí íobairt dhaonna ag teastáil. Is cosúil nár chuir an t-éileamh seo ionadh ná déistin ar Cholm cróga.

Seo ar tharla, de réir an chuntais in “Betha Coluim Cille” (Lives of the Saints from the Book of Lismore ):

Dúirt Colm Cille lena mhuintir, “Is maith dúinn ár bhfréamha a dhul faoin talamh seo. Tá cead ag duine agaibh a dhul faoin talamh seo, faoi úir an oileáin seo, á coiscricean.”

D'éirigh Odhrán suas le fonn agus dúirt, “Gabh mise,” ar seisean.

“Tá mé toilteanach air sin, a Odhráin,” arsa Colm Cille. “Beidh do chúiteamh agat. Ní thabharfar cead d'aon duine achainí a iarraidh ag m'uaigh-sa mura n-iarrfar ortsa ar dtús í.”

Chuaigh Odhrán go neamh.*

Deirtear freisin gur nocht cloigeann Odhráin os cionn an talaimh ina dhiaidh sin agus go ndúirt sé, de réir Ghaeil na hAlban:

Chan eil am bàs 'na iongantas
No ifrinn mar a dh'aithrisear.

Chuir an fógra seo an líne seo as Leaves of Grass le Walt Whitman i gcuimhne dom:

To die is different from what any one supposed, and luckier.

Séard a dúirt Colm Cille tar éis d'Odhrán a ráiteas iarbháis a dhéanamh ná:

“Ùir, ùir, air sùil Odhrain, mun labhair e tuilleadh còmhraidh!”

* Adubhairt Colum Cille rea muintir: ‘IS maith dhun ar fremha do dul fon talmain sunn’, & do-raidh: ‘As cead duib nech eicin uaibh do dul fon talmain sunn, no fo h-uir na h-innsi-sea, dia coisecrad’. Ad-racht suas Odran erlathad, & is ed adubairt: ‘Diam-gabthasa’, ol se. ‘As errlam leam sin, a Odhrain’, ar Colum Cille. ‘Rat-fia a logh. Ni tibirter idge do neoch icom lighi-se minab fort-sa iarfaigter ar tos’. Luid iarum Odran docum nime.

5 comments:

  1. @ Dúirt glór aníos as an talamh leis...

    Táthar ann a chloiseann glórtha fós, muise!

    @ To die is different from what any one supposed, and luckier.

    Maidir le 'luckier', creidtear, mar shampla, gur áit iontach í neamh, ach thug mé faoi deara go gcaitheann an duine a chreideann é sin a shaol iomlán ag déanamh chuile iarracht fanacht ina bheatha. Suimiúil, nach bhfuil...

    ReplyDelete
  2. ag déanamh chuile iarracht fanacht ina bheatha

    Is fearr mar sin é, is dócha. Sa saol ina bhfuilimid beo anois, is iad na jihadis is mó atá ar bís leis an saol eile a shroicheadh! Is maith an rud é táimhe (.i. good ol' inertia) uaireanta.

    ;-)

    ReplyDelete
  3. Bhí saoire iontach agam thall blianta ó shin agus ceapaim go bhfuil grianghraf díreach céanna agus thuas agam :)

    ReplyDelete
  4. Caithfidh go bhfuil sé an-dorcha agus an-chiúin istigh. Spás iontach a bheadh ann dá mbeadh a lán coinnle ar lasadh ann (ach iad a bheith déanta as céir bheach, ar mhaithe leis an mboladh álainn)!

    ReplyDelete
  5. Always haunted me, that story.

    ReplyDelete