28 Aibreán 2011

NIMBY



Tá an Public Service Electric and Gas Company, an comhlacht leictreachais is mó i New Jersey, ag cur suas painéal gréine - 200,000 acu san iomlán - ar chuaillí leictreachais ar fud an stáit. Níl cuid den phobal sásta ar chor ar bith. “Is fuath liom iad,” a chloistear ó lucht na mbruachbhailte duilleogacha seo. “Eyesore,” a dúirt bean amháin leis an NY Times.

An é an chaoi go shíleann siad, áfach, go bhfuil na cuaillí féin, na sreanga uilig, agus na claochladáin go hálainn? Tá mise ar mhalairt intinne. Is iad na grianphainéil an rud is áille ar fad sa phictiúr thuas, in éineacht leis na crainn, ar ndóigh.

2 comments:

  1. Ní maith le daoine athrú ar bith. Uaireanta ní geal gach nua. Ach is aisteach liom go mbeadh aoinne ag cuir i gcoinne rudaí sách beaga mar seo. Bhfuil siad éifeachtach?

    ReplyDelete
  2. Is cosúil go bhfuil sé éifeachtach, ach beagán níos costasaí ná na sean-fhoinsí leictreachais. Is cosúil freisin go bhfuil gach painéal in ann a chuid oibre a dhéanamh leis féin, go neamhspleách ar an gcuid eile den eangach fuinnimh. Tá córas forleata á chruthú acu mar sin, agus is minic a bhíonn neart agus solúbthacht i gcórais mar sin.

    ReplyDelete