06 Aibreán 2011

hoodies & berets


genii cucullati

Tá dhá fhocal ar intinn agam inniu: an focal Fraincise “beret” agus an focal Gaeilge “cochall”. Is cosúil gurbh é an ball éadaigh céanna, ball éadaigh Ceilteach, atá taobh thiar den dá fhocal seo. Saghas painseó cochallach a bhí ann, déanta as olann, a chaith daoine sa Ghaill (Gaul) agus sa Bhreatain nuair a bhí siad ina gcuid den Impireacht Rómhánach.

An cochall ar dtús. Tá íomhánna againn ón ré úd de thriúr leathdhéithe (nó déithíní) a chaitheann an clóca cochallach. Tugtar genii cucullati orthu, ós cucullus an t-ainm Laidine ar an mball éadaigh seo. Rinneadh cochall de cucullus sa tSean-Ghaeilge. Feicim gur cochall an Ghaeilge atá ag An Spailpín Fánach ar hoody sa lá atá inniu ann.


genii cucullati

An beret anois. Bhí ainm eile ag na Rómhánaigh ar an mball éadaigh seo, mar atá birrus, nó birrus brittanicus. Is ón bhfocal Gailise birros a tháinig an téarma seo, focal a chiallaíonn “gearr” agus atá gaolmhar le berr (= gearr) sa tSean-Ghaeilge agus byr (= gearr) sa Bhreatnais. Seo é sloinnteoireacht an bheret:

birros (Gailis = gearr) > birrum (Laidin na nDaoine = ball éadaigh gearr) > berretta (Iodáilis) > beret

Cuireann na genii cucullati an Triúr Manach i gcuimhne domsa, ar ndóigh. Tá Sínis Chlasaiceach, Néapáilis, Tok Pisin agus Giúdais acu anois!

1 comment:

  1. Focal eile nach bhfuil in úsáid sna Stáit ach atá sách coitianta ar an taobh eile den aigéan is ea cagoule, a tháinig ó cuculla tríd an bhFraincis.

    ReplyDelete