06 Aibreán 2011

Google Translate



Tá a fhios againn nach dtuigeann Google Translate Gaeilge ró-mhaith. Ach shíl mé go raibh a chuid Fraincise réasúnta maith. Chuir mé teachtaireacht chuig cara liom inniu leis an gceist seo: “Vin blanc pour l'apéro ? Ou du gros rouge qui tache ?” Bhí a fhios agam nach bhfuil Fraincis ag mo chara, ach shíl mé go mbeadh sé ceart go leor le GT mar ateangaire. Ach ansin, tar éis dom an teachtaireacht a chur chuige, ar eagla ná heagla, thug mé an dá abairt do GT. Seo é an toradh:

White wine for an aperitif? Or a big red spot?

Is cosúil nach bhfuil Fraincis ar a thoil ag GT tar éis an tsaoil. Níl aon locht ar an gcéad abairt, ach séard a chiallaíonn “ou du gros rouge qui tache” ná “nó (fíon) dearg mór a ruaimníonn”. Is ionann é sin agus fíon dearg atá beagán -shaor.

Pé scéal é, thuig mo cara céard a bhí i gceist agam agus d'fhreagair sé i nGaeilge, ag baint úsáide as GT:

Is maith linn an dá fíonta bán agus dearg. Leat cinneadh a ceann a thabhairt.

Hmmm. Níl Gaeilge GT chomh dona sin!

10 comments:

  1. ASG!

    Cá mbeadh muid gan GT, ach é i bhfad níos fearr le '&' i lár báire.;-)

    ReplyDelete
  2. ASG ag an mbeirt aige.

    Níl aon rud eile le rá agam ach: Sasuna! - Sláinte as Bascach. Tá bean as an réigiún sin ar an gcúrsa. Agus taitníonn an fíon go mór léi ;)

    ReplyDelete
  3. Fíon dearg, nó an cuma léi?

    Maidir liomsa, is fearr liom an stuif dhearg. Agus deirtear go bhfuil sé níos sláintiúla.

    ReplyDelete
  4. Go háirithe tar éis m'obráide roinnt míosa ó shin, táim níos éisealaí ná riamh. Seachas beoir ghearmánach nó a comhionann (beoir na Seice nó na hOstaire) agus fíon Bordeaux, nó a chomhionann, ní bhíonn "cead isteach" ag aon bhraon eile!

    ReplyDelete
  5. Tráth den saol bhíodh sé de nós againn bialann spáinneach - nach ann di feasta - a thaithí agus chuirinn críoch leis an oíche le gloine tequila - deasghnáth an tsalainn agus na limóide san áireamh. Ach chuir an dó croí marfach a d'fhaighinn ina dhiaidh - ó phointe ama éigin ar aghaidh - deireadh leis an nós sin dom.

    ReplyDelete
  6. Is nós dom piolla (ranitidine nó omeprazol) a shlogadh tar éis dom tequila a shlogadh roimh am luí (rud nach ndéanaim ró-mhinic). Tuigim do chás.

    ReplyDelete
  7. "Is nós dom piolla (ranitidine nó omeprazol) a shlogadh tar éis dom tequila a shlogadh roimh am luí..."

    Bainimse úsáid as an gcleas céanna! Cara mór dom le blianta anuas is ea omeprazol. Ach níl neart ag an bpiolla sin fiú ar dhrochthionchar an stuif chrua; tagann an bolcán láithreach.

    Nod eile a thug comhgleacaí Gearmánach dom na blianta ó shin ná táibléad maignéisiam nó dhó a thógáil roimh am luí má bhíonn an chuma ar an scéal go bhfuil póit ar na bacáin. Is é gur sruthlaítear maignéisiam amach as an gcorp ag an ól, rud a dhéanann néarógach, agus maolaíonn an t-athsholáthar maignéisiam ar an "míshuaimhneas" seo.

    ReplyDelete
  8. Recte: Is é go sruthlaítear...

    ReplyDelete
  9. Táid ann anseo a mholann uisce an chnó cócó (ní an “bainne” a dhéantar as feoil an chnó, ach an leacht atá le fáil i gcnónna úra) mar leigheas ar an bpoit. Tá an teoiric chéanna ag obair anseo, toisc go bhfuil a lán maignéisiam agus potaisiam sa leacht. Chuala mé go bhfuil cothromaíocht na leictrilítí cosúil lena bhfuil le fáil san fhuil ... nó rud éigin mar sin!

    ReplyDelete