13 Aibreán 2011

dearadh siombalach?



Seo leathanach as an Southampton Psalter, leabhar a cumadh in Éirinn sa deichiú haois. Tá Dáibhí ag troid le leon thuas sa phictiúr agus é ina aoire thíos. Tá dhá leathanach eile sa leabhar seo a bhfuil daoine orthu: Dáibhí is Góiliat ar cheann acu, agus Céasadh Chríost ar cheann eile.

Seo an méid a dúirt an duine sa choláiste a scríobh an cur síos ar an saltair seo, atá i dtaisce i leabharlann St John's College, Cambridge:

The three pictures are well-known specimens of Irish art and afford most striking examples at once of skill in decoration and total inability to draw figures.

Ní dóigh liom go dtuigeann mo dhuine an cineál seo ealaíne ar chor ar bith. Is breá liomsa na híomhánna seo!

Ní réalachas anatamaíoch ná réalachas saonta a bhí ar aigne an duine a dhear na pictiúir seo. Níl siad osréalach ach oiread. Séard atá iontu ná dearadh íon, nó rud éigin an-ghar dó. Séard atá tábhachtach iontu ná patrúin agus dathanna, agus an dóigh a n-oibríonn siad le chéile. Tá spleodar is samhlaíocht agus - an bhfuil cead agam é seo a rá? - tá draíocht sna híomhánna seo nach bhfuil le fáil ina lán lán rudaí ón Mór-roinn ón am céanna atá i bhfad níos réalaíche.

4 comments:

  1. Má thaitníonn an pictiúir seo leat, is féidir go mbainfidh tú sult as na badly drawn figures seo ó Leabhar Dhéir.

    ReplyDelete
  2. "...and total inability to draw figures."

    Nach dána an mhaise don Sasanach úd an méid sin a scríobh faoi Éireannach! Nach bhfuil sé ar eolas ag cách nach raibh fadhb ar bith leis an "tarraingt" i gceist riamh ach, ... b'fhéidir

    "...total inability to count figures."

    ReplyDelete
  3. *GOA*

    Scríobh J. R. R. James an méid sin sa bhliain 1913, nuair nach raibh ealaín ar fiú trácht uirthi ag na lesser breeds without the law ... or beyond the Pale.

    ReplyDelete
  4. @ 'and total inability to draw figures.'

    Ní lia duine ná tuairim, a Dennis...:-)

    @ '"...total inability to count figures."

    ASG, a Ormondo!

    ReplyDelete