16 Aibreán 2011

Cashel Blue



Is maith liom an cháis seo. Tá mé ar tí píosa di a leathadh ar bhaguette.

Cheannóinn níos minice í ach tá sí daor.

Cén fáth a bhfuil sí chomh daor sin?

Fáth amháin, sílim, ná go bhfuil an euro an-láidir i gcomórtas leis an dollar, agus ag éirí níos láidre in aghaidh an lae.

Éire bhocht!

6 comments:

  1. Cé go dtaitníonn Cashel Blue go mór liom, sílim féin go bhfuil cáiseanna gorma na dtíortha eile chomh maith leis.

    Bhain ceithre thairge Éireannacha stádas oifigiúil ón Aontas Eorpach amach le déanaí: Connemara Lamb, Imokilly Regatta, Timoleague Brown Pudding agus Clare Island Salmon. Caithim a rá gur chuir an liosta iontas orm. Seachas an Connemara Lamb, níor chuala mé trácht orthu riamh.

    ReplyDelete
  2. Imokilly Regatta? Lá rásaíochta ar an uisce?? Cén saghas bia atá ann? (OK, rachaidh mé ag Googláil agus beidh a fhios agam i gceann meandair, gan dabht, ach níl a fhios agam beo anois díreach céard atá i gceist.)

    ReplyDelete
  3. Beidh mé ag dul anonn i mbliana, a Dennis, agus táim ag ceannacht na dollars de réir a chéile, agus de réir mar atá an euro ag láidriú. Ní bhíonn sochar gan dochar!

    An dollar bocht...:-)

    ReplyDelete
  4. Is olc an ghaoth nach séideann do dhuine éigin! Ar an láimh eile, beidh mise san Eoraip ar feadh trí seachtaine an mhí seo chugainn. Aaargh.

    ReplyDelete
  5. Dála an scéil, deirtear linn gur maith an rud é an dollar lag, go bhfuil sé chun sochar don gheilleagar. Ach don duine atá ag ceannach caife sa Róimh nó leabhair i bPáras, gan trácht ar cháis san ollmhargadh áitiúil i Meiriceá, níl aon mhaitheas ann! Is féidir gan an cháis a cheannach, ach ní aon rogha ann maidir leis an gcaife ar maidin!

    ReplyDelete
  6. @ ní aon rogha ann maidir leis an gcaife ar maidin!

    Aontaím!

    ReplyDelete