09 Aibreán 2011

bia-qhuiz



Céard é seo atá á ithe agam?

Tá an dath 100% nádúrtha, agus níl ann ach aon chomhábhar amháin.

Dála an scéil, an féidir “comhábhar” a thabhairt ar rud mura bhfuil ann ach é?

Leid: tá sé milis.

6 comments:

  1. An é an toradh a gcuirtear "caor ispín" nó "Wurstbeere" air? (Agus Holboellia coriacea a ainm Laidineach.)

    Más é atá i gceist, níor bhlais mé riamh é. Tá an chuma air go bhfuil uigeacht amhail cíobhaí air, nó ann.

    Agus an comhábhar...

    ReplyDelete
  2. Wurstbeere, sin ceann nua domsa! Ní hea.

    Leid eile: ní itear amh é. Tá sé seo bruite (agus scafa).

    ReplyDelete
  3. An biatas de shaghas éigin atá ann?

    Maidir le comhábhar, táim den bharúil go bhfuil 'complete' mar mhíniú ag an 'comh' sa chás sin, b'fhéidir, seachas 'part' mar a déarfá?

    ReplyDelete
  4. @ Áine -

    Ní hea. Níos milse! Ach fásann sé faoin talamh ceart go leor.

    ReplyDelete
  5. Sin agat é, ach is fearr liom "práta milis” mar ainm air. Práta milis Okinawa is ea an ceann seo. Is breá liom a dhath! Má ullmhaítear i gceart é (ní in uisce beirithe ná san oigheann micreathonnach) tá sé thar a bheith milis.

    ionam = Dioscorea

    práta milis = Ipomoea batatas

    Déantar meascán mearaí den dá ainm anseo i Meiriceá, ach tá siad an-difriúil lena chéile.

    ReplyDelete