18 Bealtaine 2010

urnaí nó bruscar?


64 x 64 mm

Fuair mé an píosa páipéir seo sa phost an tseachtain seo caite ó chara liom atá ag obair sa tSín. Bhí sí in iarthar Sichuan ar na mallaibh, mar a bhfuil a lán Tibéadach ina gcónaí. “Bratach urnaí” bheag is ea é, clóite ar pháipéar garbh. Dúirt sí liom go caitheann daoine na “bratacha” seo amach as an bhfuinneog agus iad ag trasnú na sléibhte ag Litang (4,718 m) le “good karma” a chosaint. Níl a fhios agam an bhfuil dea-kharma le fháil as a bheith ag caitheamh bruscair ar an mbóthar sa lá atá inniu ann. Ach bíodh acu. Is bruscar in-bhithmhillte é.

Séard atá scríofa air, dála an scéil, ná mantra-nna Sanscraite san aibítir Thibéadach, ag tosú le “oṃ amidheva hrīḥ ~ oṃ āgīśvare muṃḥ ~ oṃ maṇi padme hūṃ”. Is é an lungta an créatúr i lár na brataí.

3 comments:

  1. Téann focail le gaoth, ach is focal le guí iad seo. Deirtear nach bhfuil i bhfiaile ach planda san áit mícheart. Mar sin, cé gur bruscar a fheicann muide, ní dócha gur bruscar a fheiceann lucht na háite.

    Cen éifeacht ar do kharma a luaitear lena leithéid a phiocadh suas?

    ReplyDelete
  2. Tá bratach urnaí ag cara liom, í crochta idir dhá chrann aici ina gairdín. Is maith liom an smaoineamh taobh thiar den nós seo.

    ReplyDelete
  3. Is maith liom an smaoineamh freisin, agus na rudaí féin san áit cheart. Mar a dúirt mé sa bhlagmhír seo, bhí mé faoi dhraíocht acu tráth den saol.

    ReplyDelete