30 Bealtaine 2010

greann sa Quran



Níl a fhios agam an bhfuil aon scéal grinn sa Quran. Ní sé sin le rá nach bhfuil scéalta grinn - a lán acu - sa traidisiún Ioslamach. An eiseamláir is fearr de seo ná Nasruddin نصرالدین , an Súfaí. Is cosúil gur chuir Gabriel Rosenstock Gaeilge ar chuid de na scéalta seo. Seo ceann beag gearr a fuair mé ar an idirlíon:

“Cén aois thú, a Nasrudin?”
“Daichead.”
“An dá scór, ab ea? Sin an aois a luaigh tú liom dhá bhliain ó shin, a mhic ó!”
“Gan dabht! Seasaim le m'fhocal i gcónaí.”

Ceist agam ort: cad é an scéal is greannmhaire sa Bhíobla, dar leatsa?

7 comments:

  1. Níl fhios agam an bhfuil greann le fáil sna Scrioptúir de chuid aon chreidimh.

    Ach is minic scéalta grinn ag tarraingt as an saíocht atá iontu.

    (Tá leabhair eile ag Gabriel de ghreann Giúdach)

    ReplyDelete
  2. B'fhearr liom é seo a fhágáil faoi dhaoine eile... ach dar liom tá greann ag baint le claochlú Íosa ar bharr an tsléibhe. Tá sé tar éis é féin a thaispeáint ina ghlóir agus ansin deir Peadar gur cheart trí bhoth a thógáil san áit, díreach mar a bheadh comhairleoir contae ag moladh go n-ainmneofaí sráid i ndiaidh peileadóra áitiúil. Deir Marcas go leithscéalach nár thuig sé céard a bhí sé ag rá. Ní cosúil gur thuig mar díreach ansin tháinig glór amach as an spéir a rá 'Seo é mo mhacsa, a phleidhce.' Bhuel, ní dúirt sé a phleidhce, ach sílimse go bhfuil sé intuigthe!

    ReplyDelete
  3. Shíl mé riamh go raibh Íosa an-chliste nuair a d'éalaigh sé ó ghaiste seo na bhFairisíneach, “An dleathach cáin a íoc le Céasar nó an mídhleathach?” Níos mó ná clisteacht, shíl mé go raibh iarracht de ghreann sa fhreagra “Íocaigí le Céasar na nithe is le Céasar.” Tá an rud ar a dtugtar na Francaigh “esprit” ann, ar aon nós.

    Tar éis dom na nótaí seo a léamh, rinne mé an rud is dual dúinn uilig na laethanta seo, rinne mé “humor in the bible” a ghúglái. De réir Del Close, tá greann nach beag in Eoin 1:45-51. Is fiú a mhíniúchán a léamh anseo faoi More biblical humor.

    ReplyDelete
  4. Tá scéal Tamair sách greannmhar, dar liomsa. D'imir bean chliste cleas ar a hathair céile.

    San am sin, bhí na baintreacha bocht is gan chumhacht.

    Bhí Tamar ina baintreach, agus bhí ceart aici fear eile a fháil ó mhuintir Judah. D'fhan sí leis blianta fada go foighneach, ach níor thug seisean a ceart di.
    Lá amháin thosaigh Judah ar an mbóthar go dtí an chathair. D’imigh Tamar roimhe agus sheas ar thaobh an bhóthair i riocht striapachaí ag feitheamh air.
    Ní raibh airgead ina phóca agus, mar sin, gheall sé gabhar mar luach saothair di. Thug sé a bhata agus a shéala mar gheall ar an ngabhar, toisc go raibh an t-ainmhí thíar sa mbaile.
    Sa deireadh, bhí cúpla aici leis. B’éigean dó Tamar agus a beirt mhac a chothú hoíche agus go deo.

    ReplyDelete
  5. Tá mé díreach tar éis é seo a léamh arís:

    Tá an rud ar a dtugtar na Francaigh “esprit” ann, ar aon nós.

    Recte: Tá an rud ar a dtugtar "esprit" leis na Francaigh ann, ar aon nós.

    Nó níos fearr: Tá an rud ar a dtugann na Francaigh “esprit” ann, ar aon nós.

    *osna* Sampla eile de chapaill a athrú i lár na habhann.

    @ Liz - Níl a fhios agam an bhfuil an scéal sin greannmhar amach is amach, ach is iontach an scéal é. Greann dóite atá ann, ar aon nós, agus “gotcha” den chéad scoth! Go raibh maith agat!

    ReplyDelete
  6. Tá mé cinnte, “Fiú amháin ribí bhur gcinn, tá siad uilig comhairthe” (Lúcás 12:7), go bhfuair sé sin gáire ag an am ó na fir a bhí maol, agus ó na daoine a bhí in aice leo.

    Seo Pól (Galataigh 5) fá na daoine a bhí ag seanmóireacht gur ghá a bheith timpeallghearraithe chun a bheith i do Chríostái: “In Íosa Críost is cuma an timpeall ghearradh ann nó as, ach an creideamh a oibríonn trí ghrá [...] An duine seo atá do bhur suaitheadh, cibé ar bith é féin, íocfaidh sé as a choir [...] Iad siúd atá ag cur mearbhaill oraibh is é mo thrua nach ndéanann siad iad féin a choilleadh chomh maith!”

    Agus féach parabal an rógaire maoir (Lúcás 16), “Níl neart ionam chun rómhair”, a thug faoiseamh d’fhiachúnaí a mháistir ionas “nuair a bheith mé briste as an maoirseacht, go nglacfaidh siad isteach ina dtithe mé”.

    ReplyDelete
  7. Scéal grinn, an ea?

    Thug Dia dhá thaibléid mhóra do Mhaois is d'iarr air dul amach faoin fhásach.
    Deirim cruabholg leat!
    Deirim "buinneach na bliana ort" leat!

    Fearn

    ReplyDelete