24 Feabhra 2010

ní curach atá ann



Mise ag foghlaim céaslóireachta i Maui. Cad é an Ghaeilge ar “outrigger canoe”?

(Agus geallaim daoibh gurb í seo an bhlagmhír dheireanach faoi Mhaui!)

8 comments:

  1. Dar leis an ‘Foclóir Seoltóireachta’ athchabhlach atá ar ‘outrigger’ agus athchabhlach dúbailte ar ‘double outrigger. Tá na focail ‘seachbhád’ agus seach-chabhail luaite freisin, ach táim in amhras faoi cad dó a thagraíonn siad.

    “Foclóir Seoltóireachta”, An Gúm, 2008

    ReplyDelete
  2. Níl a fhios agam, a Dennis, ach taitníonn na dathanna gorma sa phictiúr liom. An raibh tú in ann suí síos, nó an ar do glúine atá tú?

    ReplyDelete
  3. "Bíoma amuigh" i deBhaldrais.

    ReplyDelete
  4. @ Áine

    Tá mé i mo shuí ar thochta. Tá ceann ann do chuile chéaslóir.

    An outrigger atá ceangailte leis an gcurach seo, tá sé níos cosúla le bíoma ná le cabhail. Ó nach bhfuil aon cheann de na roghanna seo ag Ó Dónaill, níl sé de dhánaíocht ionamsa aon cheann acu seachas a chéile a thoghadh.

    ReplyDelete
  5. An bhfaca tú riamh an físeán atá ag dul leis an ngrianghraf?

    http://www.youtube.com/watch?v=2JuSs43-GKA&feature=related

    ReplyDelete
  6. Ní fhaca. Nó má chonaic, ní cuimhin liom é. Hoe aku i ka wa’a!

    ReplyDelete
  7. Bhí an duine os do chomhair ag rámhaíocht go fíochmhar dar leis an gcuma atá ar do t-léine ;)

    ReplyDelete
  8. Céaslóir cumasach a bhí romham sa churach, duine den bheirt a bhí i gceannas ar an soitheach. Ba eisean a “set the pace”. Caithfidh go bhfuil dóigh shainiúil len é seo a rá i nGaeilge i comhthéacs na rámhaíochta/céaslóireachta.

    ReplyDelete