Más leabhar neamhfhicsin atá ann, léim é chomh luath agus a cheannaím é de ghnáth. Ach is minic a cheannaím úscéal nó cnuasach gearrscéalta agus fanann sé ar mo charn leabhar go ceann i bhfad. Séard is cúis leis an moill seo ná (a) faitíos a bheith orm nach dtaitneoidh an leabhar liom tar éis an tsaoil, agus/nó (b) nach bhfuil mé sa spás cheart le haird a thabhairt air mar is cuí.
Cheannaigh mé An Cléireach i mBÁC bliain go leith ó shin. Agus d'fhan sé ar an gcarn go dtí gur thóg mé liom é go Maui mar lón léitheoireachta in éineacht le The Girl with the Dragon Tattoo, leabhar a cheannaigh mé sé mhí ó shin. Ar an dea-uair dom, is é An Cléireach a léigh mé thall -- faoi dheireadh thiar thall. Tá sé ar cheann de na húrscéalta is fearr dár léigh mé le tamall anuas, i dteanga ar bith. Mo cheol thú, a Dharach Uí Scolaí!
Ceann eile le cur ar mo charn leabhar féin...
ReplyDeleteAgus is é an dála céanna agamsa maidir leis an gcarn leabhar, ach nach iontach an laige í - dá mba laige í!
ReplyDeleteSeo an leabhar Gaeilge is fearr liom.
ReplyDelete