Ceist: Cad é an Ghaeilge ar biochar? D'fhoghlaim mé an focal seo ar maidin in alt in OnEarth, iris de chuid an Natural Resources Defense Council. Is féidir gur dóigh eile é seo le dé-ocsaíd charbóin a bhaint den atmaisféar.
An freagra: gualach. Ach le bheith cruinn, tugtar “gualach” ar an rud a dhóitear mar bhreosla. Má úsáidtear é le haghaidh carbon sequestration, is biochar é. Ceist eile anois: cén Ghaeilge atá ag Matt Hussey ar carbon sequestration?
Go bhfios domsa, níl an téarma sin go beacht aige. I ngar do dheireadh an leabhair caitheann sé go maslach le tionscadail dá leithéid. Tá an focal ‘sáinniú’ aige ar ‘trapping’. Is foclóir Gaeilge-Béarla amháin atá aige ag cúl an leabhair. Chaith mé súil air féachaint an raibh teacht agam ar fhreagra do cheiste. Níor éirigh liom teacht ar an bhfocal cuí. Ach, dar leis an ‘Foclóir Eolaíochta (An Gúm, 1994), tá an briathar ‘leithlisigh’ ar sequester; 'leithliseach' ar sequestering; 'leithliseoir' ar sequestering agent.
ReplyDeleteAn bhfuil an focal "bithghualach" in úsáid?
ReplyDeleteNíl a fhios agam cén Ghaeilge a bheadh aige ar ‘carbon sequestration’, a Dennis, ach tá a fhios agam go gcuirtear luaithreach móna ar phurgóid na manach thiar sa mbaile, agus is dóigh liom gur nós é an scaipeadh luaithrigh ar bharr talaimh, agus ar bharra, le fada an lá, mar a dúradh san alt, An Ancient Carbon Fix.
ReplyDeleteCibé faoin théamh dhomhanda seo ar a labhraítear go minic, tá seanfheirmeoir ar m’aithne, fear a mhaíonn go bhfuil an domhan de shíor ag athrú, go raibh riamh, go mbeidh go brách, agus go dtitfidh an fheirmeoireacht isteach leis na hathruithe sin, go nádúrtha.
Ní lia duine ná tuairim a Áine, agus is fíor don seanfheormeoir go raibh athrú aeráid ann roimhe cruthaithe ag tosca difriúla thar cúpla céad milliún bliain (agus i bhfad roimh bhfeirmeoireacht).
ReplyDeleteTá aeráid an-íogair do mhíchothromaíocht fuinnimh, sé sin le rá mura bhfuil cothromaíocht ann idir teochtaí is féidir le teocht na haeráide dul suas nó síos ag brath ar an éagothroime.
Mar gheall ar CO2 san atmaisféar, a chuir muid ann, tá éagothroime idir teochtaí ar an domhan .i. tá sé ag éirí níos teo de bharr iarmhairt cheaptha teasa cruthaithe ag an C02.
Tá muid ag cruthú athrú aeráide.
Dennis: Is cineál fioghual (fiodhghual mar a bhí tráth: ‘fid’ na SeanGhaeilge?) nó gualach atá i gceist san alt sin. Ag deireadh gach geimhridh (an dtiocfaidh sé choíche i mbliana?) bailímid an luaithreach agus na píosaí leathdhóite adhmaid ón tinteán agus leathaim ar na ceapacha ardaithe iad. Potais atá sa luaithreach agus fioghual san adhmad leathdhóite. Tá tugtha faoi deara agam nach lobhann an gualach murab ionann agus an múirín a mbíonn orm a athsholáthar gach re bliain. Ar a shon san is uile tá an dealramh ar an scéal nach gcuireann an fioghual isteach ar fhás mo ghlasraí. Go deimhin, tá mé den tuairim go n-éascaíonn sé taoscadh na gceapacha. Tá an fioghual ‘támh’ (inert de réir ‘Foclóir Eolaíochta’). Ní féidir le baictéir nó miocróib ar bith eile baint leis agus is bua mó é sin do na seandálaithe, mar is féidir anailís radacarbóin a dhéanamh ar an ngualach agus an ré inar fhás an crann/planda a ríomhadh ó thorthaí na hanailíse.
ReplyDelete