A bhuí le roghanna a rinne Ward Cunningham sa bhliain 1995 agus Jimmy Wales ina dhiaidh sin, is dócha gurb é an focal Haváise is mó aitheantais ar domhan inniu ná “wiki”. Ciallaíonn sé “luath, sciobtha; luathaigh, deifrigh”.
Baintear úsáid as eamhnú (reduplication) go forleathan i Haváis. Is féidir leis neart, déine nó minicíocht a chur in iúl, i measc rudaí eile. Mar shampla:
hoe = céaslaigh
hoehoe = céaslaigh go dian nó gan stad
nīnau = ceist a chur
ninaninau = a lán ceisteanna a chur, ceistigh
wiki = deifir
wikiwiki = an-luath; Brostaigh ort!
Baisteadh Wikiwiki mar ainm ar an tseirbhís tointeála bus atá le fáil sna haerfoirt ar na hoileáin i bhfad ó shin. Dúirt Cunningham gur as sin a fuair sé an focal.
Sin sin, is dócha...:-)
ReplyDeleteWell well!
ReplyDeleteGo deo deo! Sin an t-aon cheann a ritheann liom faoi láthair, ach chaithfidh go bhfuil níos mó ann i nGaeilge.
Is dóigh liom gur fearr linn “macalla” a dhéanamh le focal eile in áit eamhnú leis an bhfocal céanna:
ReplyDeletego mion minic
briste brúite
dubh dóite
etc.