03 Feabhra 2010

“Gabhar Bán”



Seo meaisín nua ón tSeapáin a dhéanann rolla leithris as páipéar oifige, go huathoibríoch. Tógann sé 40 bileog de pháipéar A4 le rolla amháin a dhéanamh. White Goat an t-ainm atá air. Cuirtear an páipéar isteach sa stiallaire, ar cuid den Ghabhar Bán é, agus tagann rolla leithris amach i gceann 30 nóiméad! Stáplaí agus fáiscíní? Fadhb ar bith! Scagann an Gabhar Bán iad as an laíon a dhéanann sé ina “bholg”, le nach ngoinfear do thóin.

Cuireann sé seo scéal i Sean-Ghaeilge i gcuimhne dom. (ar leanúint)

5 comments:

  1. Hmm. Ach cén saghas ionsúiteacht atá sna rollaí a tháirgtear? Seans go mbeadh cuma gréiscdhíonach air. Glan do thóin le leathanach A4 agus feicfidh sibh an baol ...

    Tá na Seapánaigh beagáinín mall freisin. Tá "Gabhar Dubh" againn in Éirinn le blianta fada anuas a shlogann isteach rollaí leithris agus a tháirgeann seo.

    ReplyDelete
  2. Níl aon teora le samhlaíocht na Seapánach.

    An oibríonn sé le páipéar nuachta? Ní fiú an nuachtán san (do rogha fhéin) ach chun do thóin a ghlanadh.

    ReplyDelete
  3. A! tháinig tú trasna orm, a Uasail coc.

    ReplyDelete
  4. Ach má dhéantar an táirge athchúrsáilte úd as rollaí leithris chiallaíonn sin gur páipéar glan a bheadh i gceist!

    ReplyDelete