05 Feabhra 2010

“Biggus Dickus” agus “Akbar Zib”



Is dócha gur cuimhin libh, nó le cuid acu ar a laghad, an Rómhánach darbh ainm “Biggus Dickus” sa scannán Life of Brian. Is cosúil go bhfuil taidhleoir Pacastánach ann a bhfuil ainm an-chosúil leis sin air, mar atá Akbar Zib. Níl fadhb ar bith leis an ainm in Urdúis. Ach nuair a d'ainmnigh Rialtas na Pacastáine é mar ambasadóir chun Ríocht na hAraibe Sádaí, dhiúltaigh siad é ar an toirt. Ní raibh siad in ann deileáil leis a ainm, mar is ionann “akbar” agus “mór”, agus is ionann “zib” agus “bod” in Araibis. Úps.


3 comments:

  1. Bhuel, mar a deirid sa taobh seo den aigéan:
    "They made a big cock-up there."

    ReplyDelete
  2. Dúirt cara liom a bhfuil Araibis aige nach gciallaíonn akbar “mór” ach “is mó / biggest, greatest”.

    ReplyDelete
  3. Bhí ollamh Meiriceánach ann darbh ainm Ziva Kunda agus deirtear ina leith gur dhiúltaigh sí freastal ar chomhdháil sa tSeicslóvaic tráth de bharr go raibh a fhios aici go gciallaíonn a hainm "an fhaighinn bheo" sa tSeicis.

    Ar an ábhar céanna, bíonn trua agam do na mílte Ollannach a bhfuil an sloinne "de Cock" orthu. Is deacair dóibh taisteal anois agus an Béarla ina teanga dhomhanda!

    ReplyDelete