25 Feabhra 2010

ar meisce agus ina gciall




Sliocht as Leabhar a hAon (Clio 133) de Startha Herodotus, ina chuireann sé síos ar chinnteoireacht na bPeireach. Cloíonn an t-aistriúchán seo go dlúth leis an mbuntéacs:

Is nós leo na cúrsaí is tromchúisí a phlé agus iad ar meisce. Rud ar bith a thaitin leo nuair a phléigh siad é, cuireann fear an tí ina bhfuil siad faoina mbráid é an chéad lá eile nuair nach bhfuil siad ar meisce, agus má thaitníonn sé leo nuair nach bhfuil siad ar meisce, glacann siad leis; mura dtaitníonn, ligeann siad uathu é. Agus rud ar bith a bheartaíonn siad nuair nach bhfuil siad ar meisce, pléann siad arís é ar meisce.

Céard a cheapann sibh faoin modus operandi seo?

5 comments:

  1. Bhuel, tá beár i nDáil Éireann a bhfuil clú agus cáil air! Agus bhí cairde liom i mbheár an Reichstag i mBeirlín ar na mallaibh agus d'inis siad dom go raibh an chuma ar an áit (cairn mhóra sna luaithreadáin) go mbeadh an-rachairt ar an áit chéanna.

    De réir dealraimh, tá an modus operandi i bhfeidhm chean féin.

    ReplyDelete
  2. Deacair a rá - nilím ar meisce fós...

    ReplyDelete
  3. Táim lán i bhfábhar. Cuirimis deireadh leis an stuamacht! Ní dhéanann sé a dhath ach lagmheasarthacht a chothú. :-)

    ReplyDelete
  4. Chuaigh mé chuig Ó Dónaill leis an bhfocal “lagmheasarthacht” agus tháinig mé ar ais le focal nua Béarla: “poorishness”! Níor chuala mé riamh abhus anseo é.
    :-)

    ReplyDelete
  5. Aontaím leis an modus operandi seo. Fuasclaíonn an deoch an aigne, go dtí pointe áirithe ar ndóigh. Ní bheadh aon chiall le smaointeoireacht na haigne agus tú ar deargmheisce.

    Is cuimhin liom ag léamh in áit éigin go mbíodh Yeats ar meisce nó ar na ribí (nó iad araon) nuair a scríobh sé dánta dá chuid.

    ReplyDelete