23 Feabhra 2010

ar an mbord aréir



Stobhach déanta as buabhall (nó bíosún) agus meacain (meacan bán, meacan dearg, tornapa, oinniún, práta, agus soiliriac) a bhí ar an mbord anseo aréir. Ní raibh an fheoil seo ar fáil ar chor ar bith nuair a bhí mé ag teacht aníos, ach anois faighim san ollmhargadh í ar phraghas an-réasúnta: $7.99/lb. inniu. Tá an t-ainmhí grass-fed go hiomlán, murab ionann agus an mhórchuid d'eallach mairteola sa tír seo. Tá an fheoil an-chosúil le mairteoil, ach tá i bhfad níos lú geire agus colaistéaróil inti.

6 comments:

  1. Breá liom stobhach, le linn an gheimhridh ach go háirithe. Ach más lú geire inti ná an ghnáthmhairteoil, conas a éiríonn leis an réamhdhonnadh, nó an gcleachtann tú an nós sin? Dar liom féin cuireann reamhdhonnadh go mór le blas agus dath stobhaigh.

    ReplyDelete
  2. Le steallóg fhial ola olóige a dhéanaim an fheoil agus an oinniún a réamhdhonnadh. Céim an-tábhachtach, gan dabht.

    ReplyDelete
  3. Fáilte ar ais, Dennis.
    An bhfuil barúil agat ar eilc? D'ith mé eilc i gCeanada lá amháin, agus ní raibh mórán geir ann.
    Ar chuala tú fuaim tréad na mbuabhall riamh? Go díreach cosúil leis an gléas ceoil, an buabhall féin.

    ReplyDelete
  4. Bhlais mé eilc uair amháin i gCle Elum. Thaitin sé liom. Ní dóigh liom go mbeadh stéig eilce mórán níos fearr ná stéig bhuabhaill toisc nach bhfuil mórán geire (marmarú?) i gceachtar acu. (“Feoil thrua” a thug ár sinsir ar a leithéid.) Ach nuair a dhéantar iad a stobhadh nó a ghalstobhadh, tá siad an-bhlasta.

    Níor chuala mé trup tréada riamh, ach amháin ar an scáileán airgid.

    ReplyDelete
  5. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
  6. Ba bhreá liom an buabhall a bhlaiseadh.

    Maidir le stobhach agus réamhdhonnadh na feola de, caithfidh mé a rá nach ndéanaim sé sin, de ghnáth.
    Bíonn blas níos fearr ar an bhfeoil gan an réamhdhonnadh, i mo thuairim.

    ReplyDelete