28 Feabhra 2010

Baí rí amra... (cuid a haon)


Acadamh Ríoga na hÉireann, LS 1339, lch 282

BAÍ rí amra de Grecaib Salemon a ainm. Doronad dī cobled mór do la ríg dia thuathaib. Ros gab mesca mor. Ro batar etairise ocon ríg. Mo arise duib innocht ol se fri triar cáem dia muntir. Dogentar or seat. Is amlaid dī ro batar ocond aire & sesra fína ina farrad. & gilla oc gabail chaindle friu. Baí cach díb oc airiuc thuile di arailiu. Maith tra or in tres fer. Is maith dún atlochomar diar tigerna. Maith siansa in chuirp acht oenrét. It failte na cossa inna roguth cen gluasacht. Fáilti na lláma ic tairbirt in chuirp. Failte na súle oc descin in tuara. Failti na sróna fria bolud. Failti na béoil fria blassacht. Atá ní nad failid and .i. ar n-estecht ar ní chluinethar cách úan parabuil mbind fri araile.

Bhí rí clúiteach ag na Gréagaigh, Salemon a ainm. Rinneadh fleá mhór dó le rí dá chuid tuatha. Bhí siad ar deargmheisce. Ní raibh na daoine seo le trust ag an rí.

“Is fúibhse mo chosaint anocht,” ar seisean le triúr dá chuid compánach.

“Déanfar é,” ar siad.

Is amhlaidh a bhí siad ag faire agus flaigín fíona leo agus giolla ag coinneáil coinnle leo. Bhí gach aon díobh ag déanamh siamsa don chuideachta.

“Tá go maith,” ars an treas fear. “Is maith dúinn buíochas a ghabháil lenár dtiarna. Is aoibhinn don chorp, diomaite d'aon rud amháin. Is sona iad na cosa ina síneadh gan ghluaiseacht. Sona na lámha ag freastal ar an gcorp. Sona na súile ag breathnú ar an mbia. Sona an tsrón á bholú. Sona an béal á bhlaiseadh. Tá rud éigin ann nach bhfuil sona, .i. ár n-éisteacht, óir ní chloiseann muid seanrá binn óna chéile.”

biochar


Ceist: Cad é an Ghaeilge ar biochar? D'fhoghlaim mé an focal seo ar maidin in alt in OnEarth, iris de chuid an Natural Resources Defense Council. Is féidir gur dóigh eile é seo le dé-ocsaíd charbóin a bhaint den atmaisféar.


An freagra: gualach. Ach le bheith cruinn, tugtar “gualach” ar an rud a dhóitear mar bhreosla. Má úsáidtear é le haghaidh carbon sequestration, is biochar é. Ceist eile anois: cén Ghaeilge atá ag Matt Hussey ar carbon sequestration?

27 Feabhra 2010

an duine agus na dúile


dúil b2 ceann de na heilimintí; aon rud a cruthaíodh, créatúr ( - de dhúile Dé)



Sruithiu dúilib duine.

Tá an duine níos críonna ná na dúile.

Tá an seanrá seo le fáil i scéilín (Leabhar Laighneach 282b 4) ar Rómhánach, Gréagach agus Eabhrach atá ag díospóireacht faoin gcumhacht is mó ar domhan (as tressiu fil for talmain).

Tá ceann eile atá cosúil leis sa díolaim seanfhocal Bríathra Flainn Fhína maic Ossu:

Ferr duine dúilib.

Tá an duine níos fearr ná na dúile.

Dar le Colin A. Ireland, an fear a chuir an díolaim seo in eagar, “We may read this maxim as a statement implying that mankind stands at the center of Creation.”

Ach tá leagan eile den nath seo le fáil sa dán “Aithbe damsa bés mora”, ar a dtugtar “The Lament of the Old Woman of Beare” i mBéarla:

Doíriu dúilib in duine.

Tá an duine níos daoire* ná na dúile.
* servile, unfree, ignoble anseo

Is minic a bhréagnaíonn seanfhocal seanfhocal eile.

25 Feabhra 2010

ar meisce agus ina gciall




Sliocht as Leabhar a hAon (Clio 133) de Startha Herodotus, ina chuireann sé síos ar chinnteoireacht na bPeireach. Cloíonn an t-aistriúchán seo go dlúth leis an mbuntéacs:

Is nós leo na cúrsaí is tromchúisí a phlé agus iad ar meisce. Rud ar bith a thaitin leo nuair a phléigh siad é, cuireann fear an tí ina bhfuil siad faoina mbráid é an chéad lá eile nuair nach bhfuil siad ar meisce, agus má thaitníonn sé leo nuair nach bhfuil siad ar meisce, glacann siad leis; mura dtaitníonn, ligeann siad uathu é. Agus rud ar bith a bheartaíonn siad nuair nach bhfuil siad ar meisce, pléann siad arís é ar meisce.

Céard a cheapann sibh faoin modus operandi seo?

24 Feabhra 2010

ní curach atá ann



Mise ag foghlaim céaslóireachta i Maui. Cad é an Ghaeilge ar “outrigger canoe”?

(Agus geallaim daoibh gurb í seo an bhlagmhír dheireanach faoi Mhaui!)

23 Feabhra 2010

ar an mbord aréir



Stobhach déanta as buabhall (nó bíosún) agus meacain (meacan bán, meacan dearg, tornapa, oinniún, práta, agus soiliriac) a bhí ar an mbord anseo aréir. Ní raibh an fheoil seo ar fáil ar chor ar bith nuair a bhí mé ag teacht aníos, ach anois faighim san ollmhargadh í ar phraghas an-réasúnta: $7.99/lb. inniu. Tá an t-ainmhí grass-fed go hiomlán, murab ionann agus an mhórchuid d'eallach mairteola sa tír seo. Tá an fheoil an-chosúil le mairteoil, ach tá i bhfad níos lú geire agus colaistéaróil inti.

21 Feabhra 2010

an bandia triarach


Wāhine o Wailea
(Mná Wailea)

le Ken Shutt
cré-umha le paitean bán





Chuir an dealbh seo i bplásóg lárnach an óstáin an bandia triarach Ceilteach i gcuimhne dom: na Trí Bhríd agus na Matres agus Matrones.

20 Feabhra 2010

an-úrscéal!



Más leabhar neamhfhicsin atá ann, léim é chomh luath agus a cheannaím é de ghnáth. Ach is minic a cheannaím úscéal nó cnuasach gearrscéalta agus fanann sé ar mo charn leabhar go ceann i bhfad. Séard is cúis leis an moill seo ná (a) faitíos a bheith orm nach dtaitneoidh an leabhar liom tar éis an tsaoil, agus/nó (b) nach bhfuil mé sa spás cheart le haird a thabhairt air mar is cuí.

Cheannaigh mé An Cléireach i mBÁC bliain go leith ó shin. Agus d'fhan sé ar an gcarn go dtí gur thóg mé liom é go Maui mar lón léitheoireachta in éineacht le The Girl with the Dragon Tattoo, leabhar a cheannaigh mé sé mhí ó shin. Ar an dea-uair dom, is é An Cléireach a léigh mé thall -- faoi dheireadh thiar thall. Tá sé ar cheann de na húrscéalta is fearr dár léigh mé le tamall anuas, i dteanga ar bith. Mo cheol thú, a Dharach Uí Scolaí!

an focal Haváise is idirnáisiúnta



A bhuí le roghanna a rinne Ward Cunningham sa bhliain 1995 agus Jimmy Wales ina dhiaidh sin, is dócha gurb é an focal Haváise is mó aitheantais ar domhan inniu ná “wiki”. Ciallaíonn sé “luath, sciobtha; luathaigh, deifrigh”.

Baintear úsáid as eamhnú (reduplication) go forleathan i Haváis. Is féidir leis neart, déine nó minicíocht a chur in iúl, i measc rudaí eile. Mar shampla:

hoe = céaslaigh
hoehoe = céaslaigh go dian nó gan stad

nīnau = ceist a chur
ninaninau = a lán ceisteanna a chur, ceistigh

wiki = deifir
wikiwiki = an-luath; Brostaigh ort!

Baisteadh Wikiwiki mar ainm ar an tseirbhís tointeála bus atá le fáil sna haerfoirt ar na hoileáin i bhfad ó shin. Dúirt Cunningham gur as sin a fuair sé an focal.

19 Feabhra 2010

trí bhuaic Mhaui (wowie!)



Haleakalā, “Teach na Gréine”, buaic fhisiceach an oileáin ag 10,023 ft (3,055 m). Seanbholcán atá ann.



Míol mór dronnach (± 36,000 kg ~ 79,000 punt ~ 35 tona) ag breach-áil. Tágann siad go Maui le laonna a bhreith.



An t-óstán Four Seasons ag Wailea. Ahhhhhh.

Hanohano ‘o Maui


= Maorga atá Maui.

07 Feabhra 2010

sos beag



Faoiseamh a gheobhaidh sibh
seal beag gairid
is mé ar oileán mara
ar shiúl ó bhlagáil
maidin is tráthnóna.
Go ceann deich lá
i bhfad ó bhaile.

(mo leithscéal le MÓD)

06 Feabhra 2010

comhairle don uachtarán



“Uch nach fuar nó te thú! De bhrí go bhfuil tú alabhog, gan a bheith fuar ná te, táim chun tú a sceitheadh as mo bhéal amach.”

fianaise againn an tseachtain seo go dtuigeann sé é seo faoi dheireadh.

05 Feabhra 2010

“Biggus Dickus” agus “Akbar Zib”



Is dócha gur cuimhin libh, nó le cuid acu ar a laghad, an Rómhánach darbh ainm “Biggus Dickus” sa scannán Life of Brian. Is cosúil go bhfuil taidhleoir Pacastánach ann a bhfuil ainm an-chosúil leis sin air, mar atá Akbar Zib. Níl fadhb ar bith leis an ainm in Urdúis. Ach nuair a d'ainmnigh Rialtas na Pacastáine é mar ambasadóir chun Ríocht na hAraibe Sádaí, dhiúltaigh siad é ar an toirt. Ní raibh siad in ann deileáil leis a ainm, mar is ionann “akbar” agus “mór”, agus is ionann “zib” agus “bod” in Araibis. Úps.


tréanna nua


Na trí fhocal is scanrúla in Éirinn:

Anglo Irish Bank



Na trí fhocal is meisciúla i Meiriceá i Mí an Mhárta:

Erin Go Bragh!



Na trí fhocal is _____ i nGaeilge:

Tiocfaidh ár lá.

Admhaím gur lag-iarracht é seo. D'fhág mé bearna sa tríú ceann le deis a thabhairt daoibhse ar feabhas a chur air.

Dóiteoir na Samhna



Rinne Darach Ó Scolaí an-jab leis an téacs in Feis Tigh Chonáin, agus leis an téacs agus na léaráidí araon in An Ceithearnach Caolriabhach. Feicim go bhfuil an leabhar nua seo leis ar fáil anois. Tá ceist nó dhó agam oraibh, má bhíonn deis agaibh súil a thabhairt air i siopa leabhar: an bhfuil a lán léaráidí ann? Agus an do pháistí nó do dhaoine fásta an insint seo?

Dála an scéil, an ceann tuí atá air in áit ceann gruaige?

03 Feabhra 2010

páipéar leithris?



Seo sliocht as an scéal Orgguin Trí Mac Diarmata Mic Cerbaill, a cumadh nuair nach raibh páipéar leithris ar fáil fós. Ná nuachtáin ach oiread!

Luid dano Diarmait amach oenar do dhul for aínsuide cen fis do neoch, co comarnaicc fri Moelodrán i nddorus ind tighi.

Ansin chuaigh Diarmaid amach ina aonar le dul ‘ag suí leis féin’ gan fios d'éinne, agus bhuail sé le Maol Odhrán i ndoras an tí.

“Toboing dlaí lat dam,” ar Diarmait.

“Stoith dlaoi dom,” arsa Diarmaid.

“Tó immorro,” ar Moelodrán.

“Ceart go leor,” arsa Maol Odhrán.

Do·beir teora dlaii doo: dloí di urnenaigh 7 dlaí do fomthonn 7 dlaí do athrathai luaid.

Tugann sé trí dhlaoi dó: dlaoi neantóga úra agus dlaoi fheochadáin agus dlaoi [ ?* ].

“Ac so at láim mo cloigem [leg. claideb],” ar Diarmoit.

“Gabh mo chlaíomh id láimh,” arsa Diarmaid.

Ro ngab Maelodrán.

Ghabh Maol Odhrán é.

“Fé frit, a gilla,” ar Diarmait, “rom goin dlaí, rom loisc dlaí, rom tesc dlaí. Amai, a gilla, cia h'ainm[-siu]?”

“Damnú ort, a ghiolla,” arsa Diarmaid, “ghoin dlaoi mé, loisc dlaoi mé, ghearr dlaoi mé. Faraor, a ghiolla, cén t-ainm atá ort?”

* Is léir ón gcomhthéacs gur planda atá in “athrathai luaid”, ach níl a fhios againn cén ceann.


“Gabhar Bán”



Seo meaisín nua ón tSeapáin a dhéanann rolla leithris as páipéar oifige, go huathoibríoch. Tógann sé 40 bileog de pháipéar A4 le rolla amháin a dhéanamh. White Goat an t-ainm atá air. Cuirtear an páipéar isteach sa stiallaire, ar cuid den Ghabhar Bán é, agus tagann rolla leithris amach i gceann 30 nóiméad! Stáplaí agus fáiscíní? Fadhb ar bith! Scagann an Gabhar Bán iad as an laíon a dhéanann sé ina “bholg”, le nach ngoinfear do thóin.

Cuireann sé seo scéal i Sean-Ghaeilge i gcuimhne dom. (ar leanúint)

01 Feabhra 2010

Srian a chur le do theanga?


Is d'Áine atá an píosa seo (le Edward Gorey, ar ndóigh) tiomnaithe. Bhí sí ag caint ar an riachtanas le stuamacht (féin-chinsireacht?) i gcúrsaí blagadóireachta:

Fiú más fánach smaointe an scríbhneora, ní dochar iad a roinnt, cheapfainn, ach a bheith cúramach faoin méid a roinntear...