11 Eanáir 2010

trí chloch


Chuir cuma thriarach an fhir sneachta seo dán beag i gcuimhne dom, ceann a chum mé na blianta ó shin:

Altóir

Cuirim clocha
ar mhuin a chéile.
Trí chloch,
sin altóir,
sin ofráil,
sin beannacht.


Gonta, beagán mistiúil, beagán Zenach: dáinín lán-dáiríre, faraor.

Ach fan fóill! Is íomhá í seo a bhfuil féidearthachtaí tráchtála ag baint léi, rud a thuig an dearthóir Woody Hsieh, bail ó dhia air.



:-)

9 comments:

  1. An tríú smaoineamh a shábhálann muid ar thíorántacht an dubh agus bán ar thagair Aonghus dó sa phostáil dheireanach agat. Trí abú.

    ReplyDelete
  2. Cé acu an chloch is mó...

    Dán deas, a Dennis. Agus is maith liom obair Woody. Ceapadóir, is léir...:-)

    ReplyDelete
  3. An ceann bán -- salann
    An ceann dubh -- piobar
    Smaoineamh an-mhaith! Déanaimse dearmad air i gcónaí -- an bhfuil na trí poll ag an salann nó ag an bpiobar.

    ReplyDelete
  4. @ Cailliomachas -

    Loighic thrífhiúsach? An raibh a fhios agat go bhfuil an loighic sin neadaithe -- nó fréamhaithe -- san Aidhmiris?

    ReplyDelete
  5. Mo léan, dealramh cairn chaca atá ar na trí chloch ar an mbarr...

    ReplyDelete
  6. Mar a deir an seanfhocal, feiceann súil an chaomhaigh...

    ReplyDelete
  7. Agus tá an babhla sin leath-fholamh.

    ReplyDelete