Cad é dath náisiúnta na hÉireann?
Glas, mar atá a fhios ag an saol mór agus a mháthair.
Cad é teanga náisiúnta na hÉireann?
An Ghaeilge, rud a chuireann iontas ar a lán daoine.
An ndearnadh iarracht riamh ar an nGaeilge a bhrandáil mar “an teanga ghlas”? An bhfuil aon chiall leis sin? Aon tairbhe le baint as? Tá an aidiacht sin níos cumhachtaí ná riamh le déanaí. Just saying...
Aguisín: Is ionann la langue verte agus béarlagair nó slang i bhFraincis, cé nach n-úsáidtear an téarma seo go forleathan.
Sílim go mbreathnaítear ar an dath glas agus a ghaol le hÉireannachas mar shórt paddywackery.
ReplyDeleteAgus, tá an teanga sin sa ghrianghraf déistineach!
An bhfuil an ceann seo níos fearr?
ReplyDeleteIs fearr liom an teanga ghorm (OK, tá a fhios agam...). Ach dar le Harry Reid, is máchail é sin...
ReplyDeleteTá, i bhfad níos fearr.
ReplyDelete"Is ionann la langue verte agus béarlagair nó slang i bhFraincis."
ReplyDeleteNí aontaím leis sin.
Tá difríocht idir béarlagair [slang] agus gnáthchaint [colloquialism]: tuigeann bunús na ndaoine gnáthchaint, ach ní thuigeann ach grúpaí sóisialta (a m)béarlagair (féin).
Thuigfeadh bunús na ndaoine duine éigin a bheadh ag baint úsáid as caint « verte »; ach tá an langue verte níos « láidre » ná an ghnáthchaint.