21 Eanáir 2010

Ní mhúintear Sean-Ghaeilge in Éirinn!


Die lesenden Mönche Ernst Barlach 1932

“Ní mhúintear Sean-Ghaeilge a thuilleadh sa tír seo,” arsa Siobhán. “Aisteach go leor. Caithfidh daoine a chuireann spéis inti dul go Meiriceá, nó Cambridge i Sasana, de réir dealraimh.”

Sin paragraph as úrscéal bleachtaireachta (nó “cérinneachán” mar a thugann Aonghus air) le hÉilís Ní Dhuibhne, Dún an Airgid, a foilsíodh i 2008. Níl an méid a dúirt “Siobhán” fíor ar chor ar bith, agus baineadh stangadh ... bhuel, geit bheag ... asam nuair a léigh mé é. Ach bhí mé ag smaoineamh air ina dhiaidh sin. An féidir gur leag an t-údar a méar ar fhírinne de shaghas éigin eile: go gcreideann pobal na hÉireann nach bhfuil spéis dá laghad ag éinne i léann na Sean-Ghaeilge ach eachtrannaigh? I mean, seo mise, an Meiriceánach in bhur measc, a bhíonn de shíor ag filleadh ar theanga agus litríocht na meánaoise! Oh well, is obair dhuaisiúil í, ach caithfidh duine éigin í a dhéanamh.
;-)

8 comments:

  1. N'fheadar. Bhí sé riachtanach don phlota nach mbeadh sé furasta ciall a bhaint as ogham, chun go mbeadh orthu triall ar dhuine áirithe.

    Ach bhí raic anseo tamaill ó shin nuair a fuarthas réidh in Ollscoil éigin le ollúnacht sa Sean Ghaeilge.

    Sílim go bhfuil an dearcadh forleathan gur éan chorr aoinne a bhíonn ag plé leis na dána, go hairithe cúinní dorcha na nótaí imill!

    ReplyDelete
  2. Dennis bocht! Ná ní gá duit a bheith i do Mheiriceánach le filleadh ar na meánaoiseanna. Ach seans go bhfuil a mhéar leagtha ag Aonghus ar rud. Áit éigin idir plota agus polaitíocht COBÁC mar a bhí dhá bhliain ó shin a thiteann sé.

    ReplyDelete
  3. D’iarradh orm léirmheas a scríobh ar an úrscéal ‘Dún an Airgid’, rud a rinne. Sa léirmheas bhí an abairt seo agam:

    Is de riachtanais an phlota go gcaitear dul ar thóir duine atá eolach ar an Oghamchraobh. I ngnáthshaol an lae inniu, níor ghá ach leabhar Damian McManus a cheadú i roinn tagartha na leabharlainne.

    ReplyDelete
  4. Níos simplí fós, ó tharla go mbaineann saoirse feidhm as an idirlíon - tá an rud ar fad ar Wikipedia.

    ReplyDelete
  5. Go raibh maith agaibh as an gcúlrá a mhíniú.

    @ Cailli - Is mór agam do chomhbhrón! Aithníonn ciaróg ciaróg eile.

    @ SeánÓ - An bhfuil an léarmheas sin ar fáil? Níor mhiste liom do mheas ar an leabhar sin a léamh.

    ReplyDelete
  6. Nár laga Cibé Cé do mhéara eachtrannacha, mar Mheiriceánach inár measc, a mhúinteoir na Sean-Ghaeilge, a roinnteoir an eolais!

    Bainim sult as do bhlag, mar is eol duit...:-)

    ReplyDelete
  7. An molfá an leabhar céanna?

    ReplyDelete
  8. @ ormondo -

    Féach na nótaí tráchta anseo.

    ReplyDelete