03 Eanáir 2010

blaisféim



Tá an dlí ar thug Mise Áine tagairt dó i Mí na Bealtaine i bhfeidhm anois. Ceist: cén teideal atá air i nGaeilge? An bhfuil an leagan oifigiúil (i nGaeilge) ar fáil ar an idirlíon?

9 comments:

  1. Ní fios dom ach nuair a fhoilseofar é beimid ag brath ortsa chun é a aistrú dúinn - de bharr é a bheith scríofa i Sean-Ghaeilge (nó ba chóir go mbeidh sé.) ;-)

    Ach ar an taobh eile b'fhéidir go bhfuilim ró-dhian ar na sinsir.

    ReplyDelete
  2. AN tACHT UM CHLÚMHILLEADH 2009

    36.—(1) Aon duine a dhéanfaidh ní diamhaslach a fhoilsiú nó a
    chur i gcaint, beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a
    chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €25,000 a chur air nó uirthi.
    (2) Chun críocha an ailt seo, déanann duine ní diamhaslach a
    fhoilsiú nó a chur i gcaint más rud é—
    (a) go ndéanann sé nó sí ní a fhoilsiú nó a chur i gcaint atá
    rómhaslach nó rótharcaisneach i ndáil le nithe a maíonn
    aon chreideamh gur nithe beannaithe iad, agus, ar an tslí
    sin, uafás a spreagadh i measc lín shubstaintiúil de lucht
    leanúna an chreidimh sin, agus
    (b) go mbeartaíonn sé nó sí, tríd an ní lena mbaineann a
    fhoilsiú nó a chur i gcaint, an t-uafás sin a spreagadh.
    (3) Is cosaint é ar imeachtaí i leith ciona faoin alt seo don
    chosantóir a chruthú go gceapfadh duine réasúnach go bhfuil fiúntas
    dáiríre liteartha, ealaíonta, polaitiúil, eolaíochta nó acadúil sa ní lena
    mbaineann an cion.
    (4) San alt seo, ní fholaíonn “creideamh” eagraíocht nó cultas—
    (a) arb é a príomhchuspóir nó a phríomhchuspóir brabús a
    dhéanamh, nó
    (b) a úsáideann ionramháil shíceolaíoch antrom—
    (i) ar a leanúnaithe, nó
    (ii) chun leanúnaithe nua a fháil.

    Dála an scéil, is maolú é seo ar an dlí a bhí ann roimh. Ach nár cuireadh an dlí ar aoinne riamh ceal sainmhíniú ar Diamhasla.

    ReplyDelete
  3. GRMA, a Aonghuis. Léigh mé an rud ar fad.* Cuireann cuid de seo dlíthe in aghaidh pornagrafaíochta i gcuimhne dom. (“Aithním í nuair a fheicim í.”) Tá paragraph (4) an-suimiúil. Ní hé amháin go mbeidh ar Rialtas na hÉireann “blaisféim” a shainmhíniú, beidh orthu na caoirigh a dheighilt ó na gabhair i gcúrsaí creidimh. Do-chreidte!

    * Sílim go bhfuil réiltín órga tuillte agam as Gaeilge mar sin a léamh.
    ;-)

    ReplyDelete
  4. Dála an scéil, conas a aithneofá "duine réasúnach"? Ní fheileann an ghnáthsainmhiniú, i. duine a aontaíonn liom!

    ReplyDelete
  5. "Duine réasúnach"?

    An jab nua é? Cheapas go raibh cosc ar earcaíocht i bhfeidhm.

    Pé scéal é, is cur amú airgid an leagan Béarla - ní thuigfidh éinne é!

    ReplyDelete
  6. Litir deas san Irish Times inniu maidir le hiarrachtaí Aindiachas Éireann

    Rith mórán na smaointe céanna nuair a léigh mé na tagairtí ag an nasc a thug Dennis thuas - ach go raibh slam mór páistiúlacht ag baint leo freisin.

    ReplyDelete
  7. Cé a shíl ariamh go dtiocfadh an lá a mbeadh caint i reachtaíocht an hÉireann ar fhiúntas an diamhasla?

    ReplyDelete