Altóir
Cuirim clocha
ar mhuin a chéile.
Trí chloch,
sin altóir,
sin ofráil,
sin beannacht.
Gonta, beagán mistiúil, beagán Zenach: dáinín lán-dáiríre, faraor.
Ach fan fóill! Is íomhá í seo a bhfuil féidearthachtaí tráchtála ag baint léi, rud a thuig an dearthóir Woody Hsieh, bail ó dhia air.
An tríú smaoineamh a shábhálann muid ar thíorántacht an dubh agus bán ar thagair Aonghus dó sa phostáil dheireanach agat. Trí abú.
ReplyDeleteCé acu an chloch is mó...
ReplyDeleteDán deas, a Dennis. Agus is maith liom obair Woody. Ceapadóir, is léir...:-)
An ceann bán -- salann
ReplyDeleteAn ceann dubh -- piobar
Smaoineamh an-mhaith! Déanaimse dearmad air i gcónaí -- an bhfuil na trí poll ag an salann nó ag an bpiobar.
@ Cailliomachas -
ReplyDeleteLoighic thrífhiúsach? An raibh a fhios agat go bhfuil an loighic sin neadaithe -- nó fréamhaithe -- san Aidhmiris?
Mo léan, dealramh cairn chaca atá ar na trí chloch ar an mbarr...
ReplyDelete@Dennis - N'fheadar! ;-)
ReplyDeleteMar a deir an seanfhocal, feiceann súil an chaomhaigh...
ReplyDeleteAgus tá an babhla sin leath-fholamh.
ReplyDeleteGrma. An-suimiúil.
ReplyDelete