13 Eanáir 2010

glas

Cad é dath náisiúnta na hÉireann?
Glas, mar atá a fhios ag an saol mór agus a mháthair.

Cad é teanga náisiúnta na hÉireann?
An Ghaeilge, rud a chuireann iontas ar a lán daoine.


An ndearnadh iarracht riamh ar an nGaeilge a bhrandáil mar “an teanga ghlas”? An bhfuil aon chiall leis sin? Aon tairbhe le baint as? Tá an aidiacht sin níos cumhachtaí ná riamh le déanaí. Just saying...

Aguisín: Is ionann la langue verte agus béarlagair nó slang i bhFraincis, cé nach n-úsáidtear an téarma seo go forleathan.

5 comments:

  1. Sílim go mbreathnaítear ar an dath glas agus a ghaol le hÉireannachas mar shórt paddywackery.

    Agus, tá an teanga sin sa ghrianghraf déistineach!

    ReplyDelete
  2. Is fearr liom an teanga ghorm (OK, tá a fhios agam...). Ach dar le Harry Reid, is máchail é sin...

    ReplyDelete
  3. "Is ionann la langue verte agus béarlagair nó slang i bhFraincis."
    Ní aontaím leis sin.
    Tá difríocht idir béarlagair [slang] agus gnáthchaint [colloquialism]: tuigeann bunús na ndaoine gnáthchaint, ach ní thuigeann ach grúpaí sóisialta (a m)béarlagair (féin).
    Thuigfeadh bunús na ndaoine duine éigin a bheadh ag baint úsáid as caint « verte »; ach tá an langue verte níos « láidre » ná an ghnáthchaint.

    ReplyDelete