14 Eanáir 2010

traein luais na n-anann


Uaireanta tagann abhainn báistí caol díreach ó na hOileáin Háváíocha soir ó thuaidh go dtí an Pacific Northwest. An Pineapple Express a thugann muid air. Tá an traein luais seo ar a gluaiseacht anois, ag iompar aer te agus a lán báistí chugainn. An teocht is ísle a bheas againn anocht de réir na réamhaisnéise ná 46° F. Tá radharc iontach glan ar “traein luais na n-anann” sa ghrianghraf satailíte seo, a tógadh tráthnóna inniu:


2 comments:

  1. Tá a lán báistí agus gaoth mhór againn anseo i mBellingham anocht.
    Nílim in ann na boscaí athchúrsáile a chur amuigh anocht. Bheadh gach buidéal is páipéar ar fud na sráide i gceann nóiméid nó dhó.

    ReplyDelete
  2. Sin thar cionn. Níor chuala mé faoi sin roimhe. Grma.

    ReplyDelete