10 Eanáir 2010

Tá an scannal ar an NY Times inniu.




Agus is maith an airí uirthi é!


6 comments:

  1. Tá rudaí bun os cionn ina saol, gan dabht...

    ReplyDelete
  2. Tá saghas trua agam di agus dá fear.

    Cinnte, tuairimí dubh & bán acu, agus cuid mór don locht orthu féin as an tragóid - san brí bunaidh de sin.

    Whom the gods would destroy they first make mad

    Baol mór ann don polaitíocht ó thuaidh, agus baol go mbeidh lear mór daoine eile thíos leis.

    Dá olcas Sinn Féin agus an DUP is seacht measa na dreamanna ar an dá thaobh ar mian leo na trioblóidí agus an cinedheighilt a thabhairt ar ais.

    Agus a chuir buama faoi carr phóilín - toisc gurbh Gaeilgeoir agus fear CLG é. Poblachtaigh mo thóin.

    ReplyDelete
  3. Quem Iuppiter vult perdere, dementat prius.

    B'fhéidir é. Ach is fearr liom:

    “Gach duine a ghlacann an claíomh is leis an gclaíomh a thitfidh sé,” mar a dúirt Íosa (Matha 26:52) Cuir “moráltachas” in áit “claíomh”.

    Nó níos fearr fós:

    “Ná tugaigí breith le heagla go dtabharfaí breith oraibh.”

    ReplyDelete
  4. Is fíor sin uilig freisin.

    Baineann siad áfach le dream a tharraingíonn an Sean Tiomna chucu féin níos túisce ná an Tiomna nua, ag déanamh neamhaird de chodanna den sean tiomna fiú.

    Ach fós beidh daoine eile buailte de bharr an praiseach seo.

    ReplyDelete
  5. Gúbú ( http://en.wikipedia.org/wiki/GUBU ) an focal a ritheann liom faoi láthair agus mé ag smaoineamh ar na himeachtaí i dtuaisceart Éirinn.

    Anchúinseach, gan fasach, aisteach, dochreidte.

    ReplyDelete
  6. Gúbú! Is maith liom sin agus ní raibh an scéal taobh thiar de ar eolas agam. Tá macalla deas aige seo le príomhcharachtar “Ubu Roi” freisin.

    ReplyDelete