01 Eanáir 2010

Siva ag CERN



Is cosúil go mbeidh an chéad rith eile den Large Hadron Collider (Imbhuailteoir Mór Hadrónanna) de chuid CERN i Mí Feabhra. Tá súil ag na fisicithe go gcuideoidh an t-imbhuailteoir ollmhór seo leo cuid de cheisteanna bunaidh na fisice a réiteach, ceisteanna a bhaineann leis an dá mhíniú mór atá againn ar oibriú na cruinne, mar atá meicnic chandamach, agus teoiric ghinearálta na coibhneasachta. I bhfocail eile, ceisteanna a bhaineann le damhsa mór na cruinne.

Tá íomhá ag CERN a léiríonn an damhsa seo go meafarach, i dtéarmaí a thagann ó mhiotaseolaíocht na hIndia, íomhá de Shiva Nataraja (शिव नटराज), Tiarna an Damhsa. Thug Rialtas na hIndia an íomhá seo do CERN sé bliana ó shin.

Mar is gnách leis an ealaíon seo, tá ciall fhileata ag chuile chuid den íomhá, ón abhac (.i. aineolas) aníos go dtí an tine a thimpeallaíonn an damhsóir (.i. an cosmas follasach).

Tá druma beag ina láimh dheas uachtarach. Fuaim an chruthaithe is ea é seo.

Tá tine ina láimh chlé. Léirscrios na cruinne is ea í seo.

Déanann sé an abhaya mudra lena láimh dheas eile. “Ná bíodh eagla ort” is ciall leis seo.

Díríonn sé a lámh chlé eile ar a chos thógtha. Ciallaíonn sé seo go bhfuil saoirse ó aineolas ar fáil.


Tá cur síos an-deas ar an íocónagrafaíocht seo le léamh anseo.

5 comments:

  1. An gá a bheith buartha gur le Shiva a rinne Oppenheimer tagairt tráth dá raibh?

    ReplyDelete
  2. An méid a dúirt Oppenheimer tar éis dó pléascadh an chéad bhuama núicléach a fheiceáil, b'as an Bhagavad Gita dó, agus ba Vishnu a bhí ag caint, actually:

    “Now I am become death, the destroyer of worlds.”

    Ach ní beacht an leagan Béarla seo. Séard a dúirt Vishnu dáiríre ná “Kalô 'smi...” = Is am mé... = I am time...

    Pé scéal é, is fíor duit go raibh daoine ann a raibh imní orthu go mbeadh an t-imbhuailteoir in ann singularity nó rud éigin a chruthú a scriosfadh ní hamháin an Talamh ach an chruinne go léir!

    ReplyDelete
  3. Cause for conCERN? Fíṡ aisteach youtube ar an ábhar seo.

    ReplyDelete
  4. An-deas! Gonta is dea-dhéanta.
    :-)

    ReplyDelete
  5. Ach lean ort ag rith go fóill... ní dócha go mbeidh réiteach ár gcuid fadhbanna ar fáil chomh néata sin i mbliana.
    ;-)

    ReplyDelete