11 Eanáir 2010

punchline eile




AARRRGGHHHH!!! Bhí fonn orm Alan Harrison a thachtadh an lá cheana, bíodh is go bhfuil sé ar shlí na fírinne le cúpla bliain anuas. Fear an-deas a bhí ann, dé réir dealraimh, agus scoláire fiúntach. Ach mo chreach, bhí sé thar a bheith coy maidir le cúlra an scéilín Gaeilge seo a bhfuil suim agam ann... agus a bhfuil dornlíne / buafhocal / focal scoir ceart aige.

Tá tagairt ag Harrison dó, faoi dhó, sa leabhar The Irish Trickster (1989), leabhar nach bhfuil fáil éasca air, dála an scéil. Seo creatlach an scéil:

Bhí bróga deasa nua ag Cinín, an t-óinmhid. Nuair a bhí sé ólta, chuir sé faoina cheann iad mar philiúr agus thit sé ina chodladh. Bhain duine den chomhluadar amach faoina cheann iad agus chuir seanphéire caite ina n-áit. Nuair a dhúisigh Cinín ar maidin chuir sé a lámh faoina cheann agus tharraing amach na bróga. “Bad cess to me,” a dúirt sé, “my head wears shoes out faster than my feet.”

Ní thugann Harrison dúinn ach leagan Béarla den scéilín. Agus níos measa fós, ní deir sé cá bhfuil an bunleagan le fáil. Séard a deir sé ná gur “late text” atá ann, agus go raibh an Cinín seo “in the court of Cormac MacCarthy the chief of Muskerry who is described as the protector of the jesters’ profession.”

Tá a fhios agam cúpla áit nach bhfuil an scéilín seo ann, mar atá an dá chrosántacht le Dáibhí Ó Bruadair agus an ceann le Fearghal Óg Mac an Bhaird. Agus is dócha nach bhfuil sé in Imtheacht na nÓinmhideadh, cé nach bhfuil mé iomlán cinnte faoi sin.

Is féidir, áfach, go bhfuil an leagan Gaeilge le fáil ina thráchtas ollscoile, a foilsíodh faoin teideal An Chrosántacht (An Clochomhar, 1979). Ach tá sé cuibheasach daor ag €20 móide postas. Soooo... dá mbeadh fáil ar an leabhar sin ag éinne anseo ... agus má bhíonn aga agat ar an leabhar a oscailt agus a scimeáil ... :-)

10 comments:

  1. Tá cóip ar athdhíol ar fáil ó siopa leabhar i mBAC anseo, agus níos saoire --

    http://www.abebooks.com/servlet/SearchResults?sts=t&tn=an+chrosantacht&x=26&y=10

    ReplyDelete
  2. Go raibh maith agat, Liz. Feicim go bhfuil an postas níos mó ná praghas an leabhair! Is féidir go mbeidh orm é a cheannach. Ach fanfaidh mé lá nó dhó eile haiseolas ó na blagadóirí in Éirinn.

    ReplyDelete
  3. Fios curtha agam ar chóip leabharlanna tríd BorrowBooks, anois agus m'fhiosracht spreagtha agat. Beidh sé seachtain nó dhó sula bhfaighim é.

    Coinneoidh mé ar an eolas thú!

    ReplyDelete
  4. Déanfaidh mé iarracht teacht air, tá sé ar fáil i leabharlann éigin i mBaile Átha Cliath de réir an tsuímh, ach, níl sé ar fáil ar iasacht.

    ReplyDelete
  5. Tá sé ar fáil sa bhailiúchán Éireannach sa leabharlann ar shráid an Phiarsaigh. Rachaidh mé ann amárach má fhaighim an seans.

    ReplyDelete
  6. '... is mór an barr donais agus docharaigh dhamh gurab fearra do chaitheas mo cheann do bhrógaibh ionáid mo chosa.' Tadhg mac Dáire (Mac Bruaideadha) a cheap agus tá sé le fáil, mar a shíl tú, in An Chrosántacht (lgh 102-110). Foinsí ARÉ 24 P 9 l. 193 agus ARÉ 23 C 21.

    ReplyDelete
  7. Go raibh míle maith agat, a Ch.! Cúpla ceist. Cé chomh fada agus atá an scéilín iomlán? An bhfuil mórán eile mar sin sa leabhar? Is féidir gur chóir dom an leabhar féin a cheannach. An bhfuil moladh agat dom?
    Ar an drochuair, níl ceachtar den dá LS sin ar líne ag ISOS.

    ReplyDelete
  8. Sílim gur fiú é a cheannach má tá spéis agat i siamsaíocht na nGael anuas go dtí deireadh na seachtú haoise déag (timpeall is). Tugann sé trí shampla iomlána den chrosántacht. An ceann seo an ceann is faide: c. 37 véarsa agus 4 lch próis. Tá sé ar fáil ó www.litríocht.com ar 20€!

    ReplyDelete
  9. GRMA arís. Tá mé díreach tar éis an leabhar a ordú... an ceann athláimhe a fuair Liz dom. Bím tíosach nuair is féidir.

    ReplyDelete