26 Eanáir 2010

“Na Naoi bhFuath”


Is dócha gur léir daoibh faoin am seo go bhfuil suim thar chuimse agam i seandálaíocht liteartha na Gaeilge. Agus go bhfuil luí agam le greann áiféiseach. Bliain go leith ó shin cheannaigh mé leabhrán i gConnolly Books a dtagann an dá rud le chéile ann go seoigh!

Cartúnaí / ealaíontóir / “crosán” darb ainm Giselbertus a chuir an chef d'œuvre beag seo i dtoll a chéile. Thosaigh sé le scéilín uafáis as an bhFiannaíocht agus d'fheistigh a shamhlaíocht é le léaráidí a chuireann psychedelica na seascaidí i gcuimhne dom.

Seo Fionn ag tús an scéil. Is breá liom an tam-o'-shanter atá air. Is maith an sampla é seo den pheannaireacht atá le fáil tríd síos ann, beoga agus quasi-Ghaelach.


Seo cuid de leathanach amháin: Caoilte agus Fionn ag tabhairt aghaidh ar an bhFathach Liath. Is deacair a rá an é crógacht nó iatacht atá le feiceáil ar aghaidh Fhinn.


Agus seo agaibh ceathrar de na Naoi bhFuath. Tá triúr eile ar an leathanach eile. Cliceáil len é seo a mhéadú. Is fiú é!

Tá an leabhar ar fáil ó Litríocht.com (ar ndóigh). Tá mórán an leagan céanna den scéal seo le fáil ar leathanaigh 41-42 in Seanchas na Féinne le Niall Ó Dónaill (leabhar a bhfuil ardmheas agam air) ... ach gan na léaráidí!


2 comments:

  1. "Is deacair a rá an é crógacht nó iatacht atá le feiceáil ar aghaidh..."

    Agus gotha John Wayne roimh throid ghunna air... is amhlaidh go mbíodh Fionn ag féachaint ar an iomarca scannán buachaillí bó agus é ina óige.("scannán buachaillí bó" oh je! Deirtear "western" i ngach teanga eile nach mór - imithe thar fóir leis an bhfrith-bhéarlachas sa chás seo? Ach molaim lucht focal.ie dá ainneoin - is fearr dul thar fóir ná gan dul ar chor ar bith.)

    ReplyDelete
  2. Is maith liom na léaráidí, agus Riverdance ann, shílfeá, ar bhealach nach bhfaca mé é roimhe.

    Nach bhfuil mo dhuine leis an gcaipín agus, ahem,le fad ina theanga, an-chosúil le Jackie Healy Rae?

    Maidir le lucht litríocht.com, a Dennis, is daoine iad atá iontach cuidiúil ar fad, agus cairdiúil.

    ReplyDelete