23 Eanáir 2010

an méid a dúirt Fionn faoi cheol



Foilsíodh Irish Fairy Tales le James Stephens den chéad uair sa bhliain 1920. Sa chaibidil “The Boyhood of Fionn” chuir Stephens an abairt seo a leanas i mbéal Fhinn:

“The music of what happens,” said great Fionn, “that is the finest music in the world.”

Bhí clú is cáil i ndán don chéad chúig fhocal sin! Tá The Music of What Happens mar theideal ar chúig leabhar (ar a laghad), le: Helen Vendler, John Straley, Annie Coyle Martin, Andy White, agus John J. Ó Ríordáin; ar albam ceoil le Cathie Ryan; agus chuir Seamus Heaney i ndán iad:

“And that moment when the bird sings very close
To the music of what happens.”

Tá go maith agus níl go holc. Ansin chuir duine fiosrach ceist ar Old-Irish-L: “Cad é go díreach a dúirt Fionn i nGaeilge, agus cén áit?” As go brách liom ag cíoradh is ag cuardach, ag ransú is ag siortú. Agus ... tomhaisigí céard a fuair mé. Faic-all. Bhuel, ní faic a fuair mé, ach ní bhfuair mé na focail ghonta seo ach oiread. Is léir go raibh meas ag Fionn ar cheol an imshaoil:
Is binn liom foghar na bhfaoileán, coigeadal na gcorr, fuaim toinne le trá, guth na gcuach sa Bhealtaine, sceamhaíl na muc ar Mhaigh Eithne, nuallán seilge Dhoire Nóis, scolgháire loin Leitreach Néid, monabhar na nglas-sreabh, amhrán triúr iníonacha Bhig mhic Bhuain agus amhrán triúr mac Eathach. Is binne liom fós tonn faoi thír amach is isteach.  Feis Tigh Chonáin, Darach Ó Scolaí
Ach maidir leis “an gceol dá bhfuil ag tarlú”, is rí-dhócha nár chum Fionn an nath sin riamh, bíodh is go raibh grá aige don cheol a chuala sé timpeall air. Bhí ar James Stephens é sin a dhéanamh.

5 comments:

  1. Is maith liom 'faic-all' - go mór! Mo cheol thú!

    ReplyDelete
  2. Tá tagairt i bhFiannaíocht Uí Chadhlaigh do díospóireacht ar cheolta. Seo an méid a chuireann sé i mbéal Fhinn:

    "Siúd an ceol is ceol dam féin,"
    do ráidh Fionn, flaith na slógh,
    "An fhiainghaoith bhíonn le brataigh
    rém fhionnlaoich fó a taobh óir." (as Leabhar Uachtaráin Leasa Móir)

    Tá rannta eile ann, ach níl mé ag teacht orthu. Ach is dócha gur casadh nua "Ceol an bheith ann"

    ReplyDelete
  3. Liostaí fada is mó atá ar fáil. Tá leagan eile den mhéid a thug tú thuas ag an gCadhlach, agus ansin dosaen rannta ar an mhodh céanna as Agallamh na seanórach.

    Ní raibh Fionn tugtha don buafhocal, is léir!

    ReplyDelete
  4. Tá “what happens” ró-theibí don Fhiannaíocht. Bíonn na híomhánna sna scéalta sin níos nithúla -- níos daite -- ná é sin i gcónaí.

    ReplyDelete
  5. Tá gontacht le fáil áiteanna eile.

    Cáid cach ceól co cruit, mar shampla.

    ;-)

    ReplyDelete