19 Eanáir 2010

kenning



Kenning. Seo focal nach bhfuil againn i nGaeilge. Níl sé ag focal.ie ar aon nós. Ní raibh sé againn i mBéarla go dtí an naoú haois déag. Ní raibh ainm air i Sean-Ghaeilge ach oiread, cé go raibh an rud féin ann. Sampla de a mhair go dtí an lá inniu ná “mac tíre”. Kenning do “faol” atá ann, ar ndóigh. (Is téarma noa é freisin, ach sin scéal eile.)

Seo seancheann eile a thaitníonn liom: “melg n-etha” .i. bainne arbhair .i. leann nó beoir.

Tagann "melg" agus "milk" ón bhfréamh Ind-Eorpach chéanna, *melg- . Ginideach den ainmfhocal “ith” is ea “etha”. Tá “ith” = “arbhar” beo fós san fhocal “iothlainn” = arbhar-áit = “garraí cois an tí ina gcoinnítear cruacha féir agus scácaí arbhair”. Is suimiúil an rud é, dála an scéil, go bhfuil “iothlainn” againn taobh le “leabharlann, otharlann, cartlann, spórtlann, etc. etc.” agus an “lann” chéanna iontu uilig. Ach sin scéal -- nó gearán, nó ábhar pléite -- eile.

Tá macalla deas de “melg n-etha” againn fós, kenning eile. An gá dom é a lua?
:-)

2 comments: