08 Eanáir 2010

greann Éireannach ón séú haois déag


Leabhar Aifrinn Stowe

Tháinig an patter éadrom seo ó chrosántach a scríobh Fearghal Óg Mac an Bhaird do Uilleam Búrc sa dara leath den séú haois déag (ca. 1580-1585). Chuir Pádraig Ó Macháin an téacs seo, meascán de rainn agus prós, in eagar in Celtica 25 (féach Prose 15 ar leathanach 189). Rinne mé cúpla mionathrú sa litriú ach níor athraigh mé aon rud eile anseo:

Agus is greannmhar do fhiafraigh an sagart ó Ghleann Chon Chaidhin de phríomhfháidh na hÉireann an den dá aspal déag Fionn mac Cumhaill.

Agus is sultmhar do fhiafraigh an sagart céanna, agus é iar gceannach leabhair aifrinn ó cheannaí sa Srádbhaile, “Fa do mhionnaibh anois, a cheannaí, an é an leabhar aifrinn féin do cheannaíos uait?”

7 comments:

  1. Píosa suimiúil a léiríonn stair an ghrinn. GRMA:

    Bhíos ag éisteacht le plé ar an ábhar céanna ar RnaG an bhliain seo caite. Ní raibh greann an fhocail scoir i réim tráth dá raibh. Ba mhúnla amháin é, mar shampla, scéal faoi dhuine a bhí i sáinn gan stad agus a eachtraí greannmhara dá bharr.

    (D'aimsigh mé "focal scoir" i www.irishdictionary.ie. ach tá amhras agam faoi mar aistriúchán ar "punchline"; an úsáidtear leithéidí "buaic", "buaicphointe" nó "pointe"?)

    ReplyDelete
  2. Féach “buafhocal” in FGB. Agus ansin cuir é sin i comparáid lena bhfuil ag focal.ie s.v. “buafhocal”! Scríobh mé píosa faoin fhocal seo uair amháin ar Ghaeilge-A. Cad é an Ghearmáinis ar “punchline”? Níl focal ar bith agam air i bhFraincis.

    ReplyDelete
  3. Is dóigh liom go raibh an ceart acu ar RnaG, ach ... tá rud éigin an-chosúil le punchline ag deireadh na haoire seo:

    Ro·cúala ní·tabair eochu ar dúana;
    do·beir a n-í as dúal dó: bó.

    ReplyDelete
  4. "Pointe" a chuirtear air sa Ghearmáinis - agus san Fhraincís ar aon, ceapaim...

    ReplyDelete
  5. Ón bhFraincis a tháinig Pointe dar le Duden.

    Maidir leis an difear idir FGB agus Focal, ní mór cuimhnimh gur téarmaíocht seachas foclóireacht is cúram don gCoiste Téarmaíochta, a chuireann na sonraí ar fáil do Focal.

    Mór an trua nach gcuireann Foras na Gaeilge, arbh leo an chóipcheart, de Bhaldraithe & FGB ar líne ina iomláine, ag leanacht múnla Focal ó thaobh úsáideachta de. (Agus go bhfuil Michal ró ghafa Pota Focal a chuir thar nais ar líne!)

    ReplyDelete
  6. Tá a leithéíd sa tsolaoid thuas leis an idirstad agus leis an mbó, ceart go leor.

    Úsáidtear na h-iasachtaí ón hFraincís "Pointe" agus "Clou" gan athrú ar bith a dhéanamh orthu: mhineodh sé sin b'fhéidir gur coinceap nua é an "buille doirn" sa ghreann?

    Tá míniúchán eile ag Clou i dtaca leis an siamsaíocht: barrchéim (FGB: climax).

    I ndeireadh dála níl ann ach lipéid le coinceap nach bhfuil ann le fada, is dócha, a léiriú: focail mheafaracha le heireabaill mheafaracha ag gabháil leo.

    ReplyDelete
  7. Chuir mé ceist ar Fhrainciseoir agus dúirt sé go ndéanfadh “la chute” an gnó la plupart du temps.

    ReplyDelete