13 Eanáir 2010

ealaín?




An ealaín é Nevada Solar One?

Is é an stáisiún grianchumhachta is mó ar domhan a bhaineann úsáid as teicneolaíocht CSP é. Agus is píosa ealaín chomhshaoil é freisin dar liomsa. Is dóigh liom go bhfuil sé go hálainn, chomh hálainn céanna leis an Spiral Jetty a rinne Robert Smithson sa Great Salt Lake thiar sa bhliain 1970:


Agus chomh hálainn céanna leis an Running Fence a thóg Christo agus Jeanne-Claude i gCo. Marin i gCalifornia sa bhliain 1973:


5 comments:

  1. Is dóigh liomsa go bhfuil sé níos áille - toisc go bhfuil feidhm leis! Tá amhras orm faoin deighilt idir ealaíon agus rudaí feidhmeacha. Rud atá measartha nua atá ann, sílim.

    Ní fhaighim mórán blas ar leitheidí Christo - ní fheicim an fiúntas (cé go naithním go bhfuil sé ag fáil airgead as!)

    ReplyDelete
  2. N'fheadar faoi "ealaín", ach is saghas ailtireachta ealaíonta í ar aon nós.

    ReplyDelete
  3. Ealaín? Cad is ealaín ann? Is dócha go bhfuil sí cosúil le pornagrafaíocht, .i. i súil an fhéachadóra. “Aithním í nuair a fheicim í.”
    ;-)

    Ach, murab ionann is porn, is féidir le healaín mhaith léargas an fhéachadóra a athrú ... uaireanta de phlab, uaireanta de réir a chéile.

    Full disclosure; tá píosaí ealaíne ann, installations go háirithe, nach músclaíonn aon fhreagairt ionam.

    ReplyDelete
  4. An rud ar 'ealáin' é domsa, ní thaitneodh sé le daoine eile, b'fhéidir, agus sin éagsúlacht - an rud a spreagann na healaíontóirí chun ealaíne, is dócha!

    ReplyDelete