30 Eanáir 2010

ealaín na gcuileog marbh


Dúirt mo dheirfiúr Kat liom gur cheart dom cúpla sampla de na cartúin seo le Magnus Muhr a chur ar mo bhlag, bíodh is nach bhfuil baint dá laghad acu leis an teanga is ansa linn. (Beidh orm an méid seo a aistriú di. Tig léi “Báidín Fheilimí” agus amhrán nó dhó eile a rá, ach sin an méid.)





Ach ... an ealaín é seo?

6 comments:

  1. Taitníonn na samplaí dom, agus na cinn eile ar an láithreán aige. Is fiú iad a fheiscint.

    Ealaín? Tá beogacht léiritheach áirithe ag baint leo. Is beoga iad ná an seanchadhnra de chuid Beuys a chonaic mé sa dánlann tráth. Agus ba ealaín an píosa sin - de réir na catalóige!

    ReplyDelete
  2. Gan trácht ar na bolgáin sholais de chuid Jasper Johns.

    ReplyDelete
  3. Bheul, bhain mise sult astu. Tá siad éagsúil agus greannmhar, cé nach dóigh liom gur mhaith liom ceann acu a bheith crochta ar an mballa sa teach agam!

    ReplyDelete
  4. Cúpla bliain ó shin, chuamar go dtí an iarsmalann seo. Bhí sé go breá. Bhí líníocht dá chuid ann, agus an rud a bhí ann ná pictiúir de chuileoga marbha. Ach ba fhíor-chuileog ceann díobh! An deacair an cheann sin a aithint ó na cinne eile, agus sin an cleas a rinne sé. Sin ealaíonn, déarfainn.

    ReplyDelete
  5. Is maith liomsa iad. Nach bhfuil ealaín i súil an fhéacadóra? An bhfuil seanfhocal mar sin? Bhreathnaigh mé ar 'Seanfhocal na Mumhan' ach ní fhaca mé ceann.
    Tugaim faoi deara rud aisteach -- ní fhaca mé líne mar sin ag doras seomra na bhfear riamh, ach is minic a sheas mé féin i líne taobh amuigh de sheomra na mban.

    ReplyDelete
  6. @ Liz

    Deirtear go bhfuil áilleacht le fáil ansin, ar aon nós. Tá seanfhocal againn a deir beagnach an rud céanna ach leis an mbéim ar easpa na háillechta: "Feiceann súil ghruama saol gruama." Agus ceann eile: "Folaíonn grá gráin."

    ReplyDelete