18 Eanáir 2010

Conas a déarfá "nothing in excess"?



Scríofa ar theampall Apollo ag Delphi.

8 comments:

  1. Casta.

    Ná téir thar fóir i faic.

    Ní maith liom é!

    ReplyDelete
  2. Nach bhfuil nath nó rann agatsa ó saíocht na sean Ghael a fheileann?

    ReplyDelete
  3. Níl aon bhriathar sa bhunleagan. Níl ann ach dhá fhocal:

    ΜΗΔΕΝ = dada ('náid' i nGréigis an lae inniu)

    ΑΓΑΝ = barraíocht, (an) iomarca

    ReplyDelete
  4. Tá "seachain an bharraíocht" ag Ó Dónaill ar "avoid excess"

    agus "Gan iomarca gan easpa" ar neither too much nor too little.

    Is maith liom an ceann deiridh sin.

    Céard faoi "Gan iomarca"?

    ReplyDelete
  5. Is maith liom “gan iomarca”.

    ReplyDelete
  6. @ Aonghus - Seo sean-nath duit:

    “Is maith maín mesrugud.” (ZCP, v. 7, 297) Tá sé curtha i le Cáemgen, ní dócha gur fíor é sin.

    maín = “bua” sa chomhthéacs seo; “maoin” i litriú an lae inniu
    mesrugud = measarthacht

    ReplyDelete
  7. Maoin mhaith measaracht.

    Sin nath caoimh ghinte, fiú murar Caoimghin a ghin!

    Níl muid gann ar nathanna, buíochas le Dia!

    ReplyDelete