07 Eanáir 2010

“Be yourself.”



Cárta breithlá is ea é seo. Deir sé “Happy Birthday to an Original” ar an taobh istigh. Tá ceist -- nó dúcheist -- agam oraibh. Conas a déarfadh sibh “be yourself” i nGaeilge? Ní dóigh liom go bhfuil "bí thú féin” inghlactha. Ní féidir "bí fear” nó “bí bean” a rá, tar éis an tsaoil.

Moltaí?

15 comments:

  1. B'fhéidir go bhfuil an ceart agat, cé go ndúirt mé a mhalairt thall tí Scott.

    Céard faoi "Bí ionat féin"?


    "Is í féin féin atá ann" ag FGB faoi féin (It is her very own self)

    ReplyDelete
  2. B'fhéidir go mba cheart dúinn scagadh ar an mbrí atá le "Be yourself". "Ná bí ag cuir i gcéill" atá i gceist, nach ea?

    Ach ní fheicim fuascailt na faidhbe ansúd, fós.

    ReplyDelete
  3. Ná ní fheicim aon ní sa bhreis faoi SELF ag de Bhaldraithe, cé go bhfuil roinnt le rá aige faoi.

    ReplyDelete
  4. N'fheadar.

    An ciall a bhainim as sin ná "Bí ar do chompord le do chuid iompair". Níl mé cinnte go bhfuil sé gar go leor don rud a bhí i gceist ag Oscar groí.

    ReplyDelete
  5. Nach nath féintagrach é "be yourself" a bhfuil gné iomarcach mhíshásamh ag baint leis.

    Céard faoi:
    "Scaoil amach do dhúchaisín!" ?

    ;-)

    ReplyDelete
  6. @ Aonghus
    Maidir le teideal an ailt sin i gComhar leis an Súilleabhánach, níl a fhios agam ón méid atá ar fáil an raibh sé i ndáiríre. Feicim gur chuir sé “Bi Tú Féin, a Úrscéalaí” idir chomharthaí athfhriotail. Comharthaí íoróine?

    Shíl mé ar dtús go raibh sampla eile againn, mar atá teideal an amhráin “Bí Thusa Mo Shúile”. Ach tá uaschamóg roimh “mo” i gcuid de na leaganacha (na leaganacha is fearr a déarfainn). Séard atá i gceist mar sin ná "bí thusa i mo shúile”, abairt atá aon dul le “bí i do leantóir (den bhlag seo)”.

    Maidir leis an amhrán, is leagan de shean-amhrán atá ann, mar atá a fhios agaibh. Tosaíonn sé leis na focail “rop tú mo baile” = gura tú mo bhuile. “Fís” nó “aisling” an chiall a bhíodh le “buile” tráth den saol -- mar atá in "he had a vision". Is cuid den chopail é an focal “rop”.

    So, mar sin, ar chóir dúinn “be yourself” a aistriú leis an bhfoshuiteach láithreach den chopail: Gura tusa thú féin ?
    Caithfidh mé a rá nach bhfuilim ró-thógtha leis sin ach oiread.

    ReplyDelete
  7. 'Bí dílis duit féin', a déarfainnse!

    ReplyDelete
  8. Is dóigh liom gur leag tú mhéar ar an aistriúchán is fearr den chéad abairt, a Phroinsias, agus nach bhfuil an dara chuid den chiúta seo indéanta i nGaeilge ina dhiaidh sin.

    ReplyDelete
  9. Tá sé ag Proinsias, cinnte.

    Agus, mar a deir Dennis, ní bheidh muid in ann gontacht Oscar a chuir i nGaeilge gan athshamlú ar an rud ar fad.

    Rud a bheifeá ag súil leis le bon mot

    ReplyDelete
  10. Aontaim le Proinsias, ach tá 'Seas leat féin' ann freisin...

    ReplyDelete
  11. "Ná séan thú féin".

    - Panu

    ReplyDelete