31 Eanáir 2010

Bríd



Brighit banfile

Brigit .i. banfile ingen in Dagdae.
Isi insin Brigit be n-exe .i. bandea no adratis filid.
Ar ba romor 7 ba roán a frithgnam.
Ideo eum deam uocant poetarum.
Cuius sorores erant Brigit be legis
7 Brigit be goibne, ingena in Dagda,
de quarum nominibus pene omnes Hibernenses
dea Brigit uocabatur.

Bríd, .i. banfhile, iníon an Daghdha.
Is ise Bríd bean éigse, .i. bandia a d'adhair na filí.
Óir ba ró-mhór agus ró-án an t-ómós a tugadh di.
Is dá bhrí sin a thugann na filí bandia uirthi.
Ba iad a deirfiúracha Bríd an bhean leighis
agus Bríd bean na gaibhneachta, iníonacha an Daghdha.
Is óna n-ainm a thugann beagnach gach uile Éireannach
Bríd ar bhandia ar bith.

Sanas Cormaic 150, curtha in eagar ag Kuno Meyer.
Meascan de Shean-Ghaeilge agus Laidin atá ann.


30 Eanáir 2010

the hot spot



Comhairle a fuair mé ó mo mháthair nuair a bhí mé ag teacht aníos ná creideamh agus polaitíocht a sheachaint mar ábhar cainte agus mé ag déanamh comhluadair le daoine. Ach bhí an aimsir sábháilte i gcónaí. Bhí comráidí agam a deireadh “Large weather we're having!” go minic le mearbhall a chur ar dhaoine agus le ceap magaidh a dhéanamh den dea-chomhairle sin.

Tá a fhios againn nach bhfuil an aimsir, nó an aeráid ar aon nós, chomh hanodyne sin a thuilleadh. Pé scéal é, de réir Chliff Mass, guru na haimsire sna bólaí seo, beidh sé seo ar an Eanáir is teo dá raibh againn riamh i Seattle, le meánteocht de 47° F. Tá sé seo níos teo ná mar a bhíonn sé i Mí an Mhárta de ghnáth. Ag smaoineamh ar an ngairdín atá mé cheana féin!

ealaín na gcuileog marbh


Dúirt mo dheirfiúr Kat liom gur cheart dom cúpla sampla de na cartúin seo le Magnus Muhr a chur ar mo bhlag, bíodh is nach bhfuil baint dá laghad acu leis an teanga is ansa linn. (Beidh orm an méid seo a aistriú di. Tig léi “Báidín Fheilimí” agus amhrán nó dhó eile a rá, ach sin an méid.)





Ach ... an ealaín é seo?

29 Eanáir 2010

giuirléidí Fhinn


Níl a fhios agam cé a rinne an pictiúr seo. (Tá an leagan seo de beagán éagsúil leis an gceann a phostáil mé inné anseo.) Tá sé an-chosúil le léaráidí eile a rinneadh sna fichidí agus sna tríochaidí den aois seo caite. Dúirt Dubhaltach gur thaitin sé leis, ach amháin “na maisiúcháin áiféiseacha ar a bhrat.” Tá sé níos measa ná sin, faraor. Tá tranglam mí-aimseartha de sheaniarsmaí ón Mór-roinn (ach amháin an Battersea Shield a frítheadh sa Thames, más maith mo chuimhne) le feiceáil anseo taobh le Fionn. Tá cuid de na foinsí curtha le chéile agam thíos, ach ní raibh mé in ann mo lámh a leagan ar chuid acu ar an idirlíon: an mhuc chosfhada ar an sciath, mar shampla.








28 Eanáir 2010

“Gearr an scéal seo!”


Bíonn fotheidil ar bhlaganna (i gcónaí?), agus an ceann atá agam (thuas) ná “An seanchas gearr, an seanchas is fearr”. Thogh mé an nath sin toisc nach maith liom ailt fhada a léamh ná a scríobh. Tá mé díreach tar éis alt (atá beagán ró-fhada, le fírinne) a léamh ar
The Atlantic (ar líne) le George Bates. Níl a fhios agam cé hé, ach tá ard-mheas agam air toisc go bhfuil sé ar aon intinn liom. Deir sé go mbíonn ailt sna nuachtáin ró-fhada beagnach i gcónaí, go mbíonn siad “encrusted with conventions” nach gcuireann lenár dtuiscint den nuacht. Níl mé chun alt semi-fhada a scríobh ag athinsint i nGaeilge an méid atá le rá aige. Má tá suim agat ann, tá sé ar fáil anseo.

Cén Fionn is fearr leat?







26 Eanáir 2010

Ní thuigeann...


... an seang an sách!

“Na Naoi bhFuath”


Is dócha gur léir daoibh faoin am seo go bhfuil suim thar chuimse agam i seandálaíocht liteartha na Gaeilge. Agus go bhfuil luí agam le greann áiféiseach. Bliain go leith ó shin cheannaigh mé leabhrán i gConnolly Books a dtagann an dá rud le chéile ann go seoigh!

Cartúnaí / ealaíontóir / “crosán” darb ainm Giselbertus a chuir an chef d'œuvre beag seo i dtoll a chéile. Thosaigh sé le scéilín uafáis as an bhFiannaíocht agus d'fheistigh a shamhlaíocht é le léaráidí a chuireann psychedelica na seascaidí i gcuimhne dom.

Seo Fionn ag tús an scéil. Is breá liom an tam-o'-shanter atá air. Is maith an sampla é seo den pheannaireacht atá le fáil tríd síos ann, beoga agus quasi-Ghaelach.


Seo cuid de leathanach amháin: Caoilte agus Fionn ag tabhairt aghaidh ar an bhFathach Liath. Is deacair a rá an é crógacht nó iatacht atá le feiceáil ar aghaidh Fhinn.


Agus seo agaibh ceathrar de na Naoi bhFuath. Tá triúr eile ar an leathanach eile. Cliceáil len é seo a mhéadú. Is fiú é!

Tá an leabhar ar fáil ó Litríocht.com (ar ndóigh). Tá mórán an leagan céanna den scéal seo le fáil ar leathanaigh 41-42 in Seanchas na Féinne le Niall Ó Dónaill (leabhar a bhfuil ardmheas agam air) ... ach gan na léaráidí!


24 Eanáir 2010

trí mhionn is maith liom



Dar a bhfuil ó mhá go trá!

Dar a bhfuil thuas agus thíos!

Dar a bhfuil de bhric is de bhréantaibh ar thóin Locha Bhréachmhuighe!

bróga Chinín


léaráid le Arthur Rackham

Iar mbeith don óinmhid achar éigin ar chaoi mheisce agus mhearaidhe ro chuireastair péire do bhrógaibh bláithe buinntiugha agus iad nua neamharsanta fóna cheann gur thuit ’a thoirchim suain; agus ro éirigh duine éigin don chóisir agus ro chuireastair péire do bhrógaibh preabánacha buinnbhriste in ionadh na mbróg mbuinntiugh mbláithleabhair ag Cinín. Iar n-éirghe do Chinín as a chodladh ar na mhárach gur chuir a lámh fón adhart go hiomathlamh agus go iomuaimneach gur tharraing an dá leathanchúarán láinbhriste sin chuige; gur ghabh sé dá mídheamhain agus dá móirfhéachain achar fada gur labhair go himshníomhach, “m’ulc is m’urbhchóide riom féin,” ar sé, “is mór an barr donais agus docharaigh dhamh gurab fearra do chaitheas mo cheann do bhrógaibh ináid mo chosa.” - cuid de chrosántacht le Tadhg Mac Dáire, in An Chrosántacht, le Alan Harrison

Tá ceist agam oraibh, a chairde. Ar chóir dom:
  1. an scéilín seo a fhágáil mar atá; nó
  2. gluais a chur leis; nó
  3. Gaeilge an lae inniu a chur air?
Thug mé leagan gairid den scéilín daoibh anseo dhá sheachtain ó shin.

23 Eanáir 2010

an méid a dúirt Fionn faoi cheol



Foilsíodh Irish Fairy Tales le James Stephens den chéad uair sa bhliain 1920. Sa chaibidil “The Boyhood of Fionn” chuir Stephens an abairt seo a leanas i mbéal Fhinn:

“The music of what happens,” said great Fionn, “that is the finest music in the world.”

Bhí clú is cáil i ndán don chéad chúig fhocal sin! Tá The Music of What Happens mar theideal ar chúig leabhar (ar a laghad), le: Helen Vendler, John Straley, Annie Coyle Martin, Andy White, agus John J. Ó Ríordáin; ar albam ceoil le Cathie Ryan; agus chuir Seamus Heaney i ndán iad:

“And that moment when the bird sings very close
To the music of what happens.”

Tá go maith agus níl go holc. Ansin chuir duine fiosrach ceist ar Old-Irish-L: “Cad é go díreach a dúirt Fionn i nGaeilge, agus cén áit?” As go brách liom ag cíoradh is ag cuardach, ag ransú is ag siortú. Agus ... tomhaisigí céard a fuair mé. Faic-all. Bhuel, ní faic a fuair mé, ach ní bhfuair mé na focail ghonta seo ach oiread. Is léir go raibh meas ag Fionn ar cheol an imshaoil:
Is binn liom foghar na bhfaoileán, coigeadal na gcorr, fuaim toinne le trá, guth na gcuach sa Bhealtaine, sceamhaíl na muc ar Mhaigh Eithne, nuallán seilge Dhoire Nóis, scolgháire loin Leitreach Néid, monabhar na nglas-sreabh, amhrán triúr iníonacha Bhig mhic Bhuain agus amhrán triúr mac Eathach. Is binne liom fós tonn faoi thír amach is isteach.  Feis Tigh Chonáin, Darach Ó Scolaí
Ach maidir leis “an gceol dá bhfuil ag tarlú”, is rí-dhócha nár chum Fionn an nath sin riamh, bíodh is go raibh grá aige don cheol a chuala sé timpeall air. Bhí ar James Stephens é sin a dhéanamh.

22 Eanáir 2010

bosca ceoil Phandora


Fonn a fhanann, blagmhír ar “Anuas den tSeilf”, a spreag an freagra seo, a nocht ar an New Yorker an tseachtain seo. Roz Chast a tharraing é.


21 Eanáir 2010

Ní mhúintear Sean-Ghaeilge in Éirinn!


Die lesenden Mönche Ernst Barlach 1932

“Ní mhúintear Sean-Ghaeilge a thuilleadh sa tír seo,” arsa Siobhán. “Aisteach go leor. Caithfidh daoine a chuireann spéis inti dul go Meiriceá, nó Cambridge i Sasana, de réir dealraimh.”

Sin paragraph as úrscéal bleachtaireachta (nó “cérinneachán” mar a thugann Aonghus air) le hÉilís Ní Dhuibhne, Dún an Airgid, a foilsíodh i 2008. Níl an méid a dúirt “Siobhán” fíor ar chor ar bith, agus baineadh stangadh ... bhuel, geit bheag ... asam nuair a léigh mé é. Ach bhí mé ag smaoineamh air ina dhiaidh sin. An féidir gur leag an t-údar a méar ar fhírinne de shaghas éigin eile: go gcreideann pobal na hÉireann nach bhfuil spéis dá laghad ag éinne i léann na Sean-Ghaeilge ach eachtrannaigh? I mean, seo mise, an Meiriceánach in bhur measc, a bhíonn de shíor ag filleadh ar theanga agus litríocht na meánaoise! Oh well, is obair dhuaisiúil í, ach caithfidh duine éigin í a dhéanamh.
;-)

An Fhrainc, mar a fheiceann...


Fuair mé iad seo agus dosaen eile cosúil leo ó chara liom a bhfuil post aige le hAir France. Ba bhreá liom leagan Éireannach de seo a fheiceáil!





20 Eanáir 2010

kenning quiz



Seo dornán kennings daoibh, idir shean agus nua:
  1. graí Mhic Lir = ?
  2. mac snámha = ?
  3. cailleach oíche = ?
  4. iníon gaoithe = ?
  5. adhbha rón = ? (NB: seal rookery atá air in FGB, ach bhíodh ciall i bhfad níos fileata leis)

19 Eanáir 2010

kenning



Kenning. Seo focal nach bhfuil againn i nGaeilge. Níl sé ag focal.ie ar aon nós. Ní raibh sé againn i mBéarla go dtí an naoú haois déag. Ní raibh ainm air i Sean-Ghaeilge ach oiread, cé go raibh an rud féin ann. Sampla de a mhair go dtí an lá inniu ná “mac tíre”. Kenning do “faol” atá ann, ar ndóigh. (Is téarma noa é freisin, ach sin scéal eile.)

Seo seancheann eile a thaitníonn liom: “melg n-etha” .i. bainne arbhair .i. leann nó beoir.

Tagann "melg" agus "milk" ón bhfréamh Ind-Eorpach chéanna, *melg- . Ginideach den ainmfhocal “ith” is ea “etha”. Tá “ith” = “arbhar” beo fós san fhocal “iothlainn” = arbhar-áit = “garraí cois an tí ina gcoinnítear cruacha féir agus scácaí arbhair”. Is suimiúil an rud é, dála an scéil, go bhfuil “iothlainn” againn taobh le “leabharlann, otharlann, cartlann, spórtlann, etc. etc.” agus an “lann” chéanna iontu uilig. Ach sin scéal -- nó gearán, nó ábhar pléite -- eile.

Tá macalla deas de “melg n-etha” againn fós, kenning eile. An gá dom é a lua?
:-)

18 Eanáir 2010

dia / bia


dia - bia =

Shakyamuni mar aiséiteach, díreach roimh éirí as an gconair sin dó toisc nach bhfuair sé aon toradh inti.


bia + dia =

Ho Tei, nó an “Buddha Gealgháireach” mar a thugtar air. Ní hé an Buddha stairiúil atá i gceist anseo, ach manach. Nó boddhisattva. Nó pearsa ón mbéaloideas.


bia - dia = ?

Conas a déarfá "nothing in excess"?



Scríofa ar theampall Apollo ag Delphi.

16 Eanáir 2010

“Trí Chloch” redux



Cuirim mini pocket breads*
ar mhuin a chéile.
Trí phíota,
sin beatha,
sin sláinte,
sin trí chéad calra.

*déanta as caiscín

tósta


Íosa ar thósta francach.


Íosa ar thósta cáise.


Íosa ar 153 phíosa tósta,

Cén fáth tósta? Tá míniú teicniúil ann, ar ndóigh: arán mar chanbhás + teas = marcanna “donn ar bhán”. A lán tósta = a lán marcanna. Agus a lán tósta = a lán iteoirí a bhfuil súile agus samhlaíocht acu. Et voilà.

Chuir an tósta seo uilig rud a dúirt Gandhi i gcuimhne dom:

“Dá dtiocfadh Dia i láthair daoine a bhí ag fáil bháis den ocras, ní bheadh sé de dhánacht ann é féin a thaispeáint dóibh ach i riocht bia.”

Support Doctors Without Borders in Haiti

14 Eanáir 2010

traein luais na n-anann


Uaireanta tagann abhainn báistí caol díreach ó na hOileáin Háváíocha soir ó thuaidh go dtí an Pacific Northwest. An Pineapple Express a thugann muid air. Tá an traein luais seo ar a gluaiseacht anois, ag iompar aer te agus a lán báistí chugainn. An teocht is ísle a bheas againn anocht de réir na réamhaisnéise ná 46° F. Tá radharc iontach glan ar “traein luais na n-anann” sa ghrianghraf satailíte seo, a tógadh tráthnóna inniu:


13 Eanáir 2010

ealaín?




An ealaín é Nevada Solar One?

Is é an stáisiún grianchumhachta is mó ar domhan a bhaineann úsáid as teicneolaíocht CSP é. Agus is píosa ealaín chomhshaoil é freisin dar liomsa. Is dóigh liom go bhfuil sé go hálainn, chomh hálainn céanna leis an Spiral Jetty a rinne Robert Smithson sa Great Salt Lake thiar sa bhliain 1970:


Agus chomh hálainn céanna leis an Running Fence a thóg Christo agus Jeanne-Claude i gCo. Marin i gCalifornia sa bhliain 1973:


glas

Cad é dath náisiúnta na hÉireann?
Glas, mar atá a fhios ag an saol mór agus a mháthair.

Cad é teanga náisiúnta na hÉireann?
An Ghaeilge, rud a chuireann iontas ar a lán daoine.


An ndearnadh iarracht riamh ar an nGaeilge a bhrandáil mar “an teanga ghlas”? An bhfuil aon chiall leis sin? Aon tairbhe le baint as? Tá an aidiacht sin níos cumhachtaí ná riamh le déanaí. Just saying...

Aguisín: Is ionann la langue verte agus béarlagair nó slang i bhFraincis, cé nach n-úsáidtear an téarma seo go forleathan.

12 Eanáir 2010

11 Eanáir 2010

punchline eile




AARRRGGHHHH!!! Bhí fonn orm Alan Harrison a thachtadh an lá cheana, bíodh is go bhfuil sé ar shlí na fírinne le cúpla bliain anuas. Fear an-deas a bhí ann, dé réir dealraimh, agus scoláire fiúntach. Ach mo chreach, bhí sé thar a bheith coy maidir le cúlra an scéilín Gaeilge seo a bhfuil suim agam ann... agus a bhfuil dornlíne / buafhocal / focal scoir ceart aige.

Tá tagairt ag Harrison dó, faoi dhó, sa leabhar The Irish Trickster (1989), leabhar nach bhfuil fáil éasca air, dála an scéil. Seo creatlach an scéil:

Bhí bróga deasa nua ag Cinín, an t-óinmhid. Nuair a bhí sé ólta, chuir sé faoina cheann iad mar philiúr agus thit sé ina chodladh. Bhain duine den chomhluadar amach faoina cheann iad agus chuir seanphéire caite ina n-áit. Nuair a dhúisigh Cinín ar maidin chuir sé a lámh faoina cheann agus tharraing amach na bróga. “Bad cess to me,” a dúirt sé, “my head wears shoes out faster than my feet.”

Ní thugann Harrison dúinn ach leagan Béarla den scéilín. Agus níos measa fós, ní deir sé cá bhfuil an bunleagan le fáil. Séard a deir sé ná gur “late text” atá ann, agus go raibh an Cinín seo “in the court of Cormac MacCarthy the chief of Muskerry who is described as the protector of the jesters’ profession.”

Tá a fhios agam cúpla áit nach bhfuil an scéilín seo ann, mar atá an dá chrosántacht le Dáibhí Ó Bruadair agus an ceann le Fearghal Óg Mac an Bhaird. Agus is dócha nach bhfuil sé in Imtheacht na nÓinmhideadh, cé nach bhfuil mé iomlán cinnte faoi sin.

Is féidir, áfach, go bhfuil an leagan Gaeilge le fáil ina thráchtas ollscoile, a foilsíodh faoin teideal An Chrosántacht (An Clochomhar, 1979). Ach tá sé cuibheasach daor ag €20 móide postas. Soooo... dá mbeadh fáil ar an leabhar sin ag éinne anseo ... agus má bhíonn aga agat ar an leabhar a oscailt agus a scimeáil ... :-)