14 Aibreán 2014

Oghma, aguisín



Tá an fógra seo le feiceáil i gCo. Chorcaí. Ba dheas an rud é Oghma a fheiceáil air, dá mbeadh sé ceart ó thaobh na logainmníochta de. Ach is cosúil nach bhfuil. Tá leagan Gaeilge eile air, mar atá Cnoc Camtha, a chiallaíonn Bent Hill nó Crooked Hill. 

Ní dóigh liom go bhfuil an t-ainm Oghma le feiceáil in aon logainm in Éirinn, ná áit ar bith sa Dinnseanchas ná in aon seanchas eile. Dia agus nia* ar neamhaird a bhí ann ar feadh i bhfad. 

* laoch

6 comments:

  1. Tá sé le feiceáil go h-an-soiléir ó Google Earth gur é cnoc cam atá ann.

    ReplyDelete
  2. agus níl cinneadh déanta ag lucht logainm.ie, ná aimsithe acu ar an léarscáil ach an oiread.

    ReplyDelete
  3. Cultural revisionism. Tá mé i mo chónaí i gContae King i Stát Washington. Ainmníodh é as William Rufus King. (Cé heisean?) Ach tá íomhá de Martin Luther King, Jr. ar lógó an chontae anois. (Is dócha nach bhfuil gaol agam le ceachtar acu.)

    ReplyDelete
  4. This comment has been removed by a blog administrator.

    ReplyDelete
  5. Ós ag trácht ar laochra atáthar, níor dhein mé comhghairdeas leat fós faoina seabhaic mhara!

    ReplyDelete
  6. This comment has been removed by a blog administrator.

    ReplyDelete