Foilsíodh Irish Fairy Tales le James Stephens sa bhliain 1920 i Londain. Arthur Rackham a mhaisigh an leabhar lena chuid pictiúr.
Duine de maisitheoirí leabhair ba mhó clú ab ea Rackham ar feadh Ré Órga an Leabhair sa Bhreatain, a mhair ó 1900 go dtí tosach an Chéad Chogaidh Dhomhanda.
Tá Project Gutenberg tar éis an leabhar seo leis na pictiúir ar fad a chur ar fáil ar an idirlíon. Tá cuid de na pictiúir beag, cuid acu mór, cuid acu dubh is bán, cuid acu dathach. Is féidir linn lánúsáid a bhaint astu anois gan chostas ar bith.
Tá samhlaíocht agus beogacht iontu atá úr fós, ós fada a chonaic muid a leithéid.
Cliceáil le méadú, mar is iondúil.
No comments:
Post a Comment