Carn an Bhriathair
The Verbal Complex
An Old Irish Delight
Conas Ceann a Thógáil
1. Tosaigh le briathar simplí:
gaibid = gabhann sé
2. Cuir réamhfhocal leis chun an bhrí a athrú:
fo (= faoi) + gaibid > fo·gaib = faigheann sé
3. Cuir forainm ann:
fo·gaib + mé > fo-mé-gaib > fom·gaib = faigheann sé mé
4. Déan diúltach é:
ní + fo·gaib + mé > ní-mé-fo·gaib > ním·fhagaib = ní fhaigheann sé mé
Tá an ceann seo réasúnta simplí. Bíodh áthas ort nach bhfuil briathra an lae inniu chomh casta sin!
M'anam, ach is féidir le briathra an lae inniu bheith sách casta, freisin, a chara...go háirithe na cinn neamhrialta..:-)
ReplyDeleteAn briathar is casta dá bhfuil againn, gan dabht dá laghad, ná an chopail. Níl an méid sin foirmeacha ann, ach tá a comhréir an-chasta go deo.
ReplyDeleteTá sé 'defective' freisin, is cosúil..:-) http://www.irishverbs.com/index/copula-sample/
ReplyDelete:-) Sea, is briathar uireasach é.
ReplyDelete