Níl cliú agam cén fáth ar bhaist an t-ealaíontóir Martin Spei “Dagda” ar an bhfirín seo, ach is cosúil gurb é sin an t-ainm atá air.
Deirtear linn in Cath Maige Tuired gur fear ollmhór a bhí sa Daghdha agus go raibh méidithir scabol tige a bolc fair, chomh mór le coire tí a bholg air. Tá an méid sin fíor anseo!
Sórt leasainm nó teideal a bhí san ainm Dagda, a chiallaíonn Dea-Dhia. Bhí ainmneacha eile air, mar atá Eochaidh Ollathair agus Ruad Rofessa (an Rua a bhfuil fios mór aige, Rua Ró-fheasa). Níl sé deacair na hainmneacha eile seo a rá i nGaeilge an lae inniu. Ach céard faoin Daghdha?
Tá focail eile againn atá beo fós a raibh an carn consan -gd- / -ghdh- acu sa tSean-Ghaeilge:
rígda → ríoga
lígda → líoga
bregda → breá
Ségda → Sé
Ar cheart dúinn Dagda / Daghdha a fhuaimniú mar “Dága” ar nós ríoga agus líoga, nó mar “Dá” ar nós breá agus Sé? Tá luí agamsa le Dá mar réiteach ar an ábhar seo:
Dagda /daγδa/ → /daγγǝ/ → /da:γǝ/ → /da:/ Dá = Da = Dad!
Tá níos mó den Dagda thuas le Martin Spei le feiceáil anseo.
Is cosúil go dtigeann an litriú a bhí ag an Duinníneach leis an méid sin, agus síneadh fada ar an gcéad ⟨a⟩ aige (.i. /d̪ˠɑː/ is dóide, nó /ˈd̪ˠɑːɡə/, b’fhéidir?):
ReplyDelete“Dáġḋa, g. id., m., the Dagda, a mythological hero, al. called Eoċaıḋ Oll-aṫaır, the father of Aonġus an Ḃroġa.”
http://glg.csisdmz.ul.ie/pictures/0300-da.png